Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Maidir leis an gceist shonrach sin ó thaobh daoine óga a mhealladh isteach ag an tríú leibhéal, tá sé sin beartaithe againn. Bhí fadhb againn le roinnt blianta anuas sa mhéid is go raibh scéim ar fáil ag na Comhaltaí chun daoine a thabhairt isteach ach ní raibh a leithéid de scéim ann le haghaidh na n-aonad gnó san eagraíocht. Tá a fhios agam maidir leis an Teachta Ó Cuív, atá laistiar dom ansin, gur mian leis i gcónaí go mbeadh daoine isteach ar thaithí oibre aige agus go gcuirfeadh sé trasna go dtí Rannóg an Aistriúcháin iad chun aithne a chur orainn agus bhí fonn ar roinnt acu a bhí ag déanamh staidéar ar an aistriúchán.

Tá méadú mór le deich mbliana anuas ar líon na gcúrsaí aistriúcháin atá ar fáil sna hinstitiúidí tríú leibhéal agus is deis í sin dúinne aithne a chur ar na daoine sin go luath sa saol scoláireachta atá acu agus, más féidir in aon chor, iad a thabhairt isteach le haghaidh taithí oibre. Táimid ag obair go gníomhach ar phlean maidir leis sin a chur le chéile a luaithe agus a imeoidh Covid-19. Tá Covid ag cur bac ar an-chuid rudaí fónta atá le déanamh agus is é sin ceann acu.

Ba mhaith linn, b’fhéidir, an rud a leanúint níos faide fós. Tosaíonn daoine óga ag smaoineamh ar cad ba mhaith leo a dhéanamh sa saol atá rompu amach ó thaobh na hoibre agus gairme de roimh an tríú leibhéal, is é sin ar an meánscoil. Ní théann roinnt daoine ar an tríú leibhéal. Ba mhaith linn clár a bheith againn leis an aonad cumarsáide, an t-aonad a dhéanann an chumarsáid leanúnach leis na scoileanna a bhainistiú, le go mbeadh modúl ar leith ann do na mic léinn sna Gaelscoileanna, sna scoileanna Gaeltachta agus sna gnáth scoileanna a bhfuil suim ar leith acu sa Ghaeilge agus go mbeadh a fhios acu ar an gcéad dul síos go bhfuil a leithéid de rud ann, go bhfuil poist mar aistritheoir, go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin ann agus gur rud fíorspéisiúil é a bheith ag obair i bParlaimint do thíre agus na rudaí seo a chur in iúl go luath ina saol ar an meánscoil, deis a bheith acu teacht ar cuairt agus, b'fhéidir, tamall de thaithí oibre a dhéanamh.

Is go luath sa phróiseas a bhíonn an teagmháil agus an teacht seo ar dhaoine ag teastáil chun an tuiscint a chothú. Tá sé cosúil leis an rud a bhí againn ó chianaibh nuair nach raibh coinne ag daoine seirbhísí i nGaeilge a bheith acu. Tá an rud céanna ann nach rithfeadh sé le daoine go mbeadh poist ar fáil sa státchóras ar bhonn an dátheangachais. Ba cheart é sin a chur in iúl dóibh chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.