Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 22 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tabharfaidh mé freagra ar an gceist sin. Go dtí seo bhí an rud ar a dtugtar páirc chothrom imeartha ann idir an tOireachtas agus na hinstitiúidí Eorpacha ó thaobh na hearcaíochta de. Cé go raibh tuarastail níos airde ar fáil san Eoraip agus liúntais ex-pat mar a thugtar orthu, b’éigean do dhuine dul thar lear go dtí an Bhruiséil nó Lucsamburg chun iad a fháil. Athraíonn an fiontar thíos i gContae na Mí an pháirc imeartha sin mar anois is féidir le duine post a fháil in Éirinn leis an tuarastal agus na liúntais sin a bheith aige nó aici. Bunaithe ar an eolas atá agam, tá trí ghrád i Rannóg an Aistriúcháin, an grád tosaigh: grád 3, grád 2 agus grád 1. Luamar ansin an pointe tosaigh airgid nó tuarastail a bhíonn ag daoine i ngrád 3. De réir mar a thuigim, bheadh daoine thíos i gContae na Mí ar leibhéal ard ghrád 2, is é sin bheidís beagnach ar ghrád 1. Rud a thógann na blianta ar dhuine a fháil i Rannóg an Aistriúcháin, d’fhéadfadh duine teacht isteach láithreach agus é sin a fháil. Níl mé ag cáineadh an Aontais Eorpaigh maidir le haon rud a deirim faoi. Tá an tAontas tar éis díriú ar a raibh le baint amach aige agus bhí sé solúbtha go leor chun é sin a dhéanamh. Is rud nua, mar shampla, go mbeadh aonad sa bhallstát agus is léiriú agus fianaise bhreise é sin go bhfuil an tAontas ag smaoineamh, mar a déarfá, lasmuigh den bhosca agus ag lorg roghanna nua chun na fadhbanna a réiteach. Nílim á cháineadh ach táim go mór in éad leis.
No comments