Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 22 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tagróidh mé le roinnt pointí a luaigh an Teachta Calleary ansin. Maidir leis an mBille agus an mhoill a bhí leis, tá sé sin suimiúil agus baineann sé arís leis an gceist mar gheall ar an íomhá atá ag daoine faoin nGaeilge agus an dátheangachas. Bhí fadhb againn den chéad uair an Bille a phróiseáil ar Chéim an Choiste toisc nach rabhamar in ann an próiseas aistriúcháin a chur i bhfeidhm ar an líon seo leasuithe in am. Maidir le Céim na Tuarascála, is é a mhalairt a bhí ann. Is é an t-ualach mór oibre a bhí ann, mar a bhíonn gach bliain, ar Oifig na mBillí i mí Iúil ba chúis leis sin seachas an t-aistriúchán mar go raibh an t-aistriúchán sin ullamh.
Léiríonn sé seo an pointe a bhí á dheanamh ag an gCléireach i dtús báire gurbh é an próiseas atá le scrúdú maidir le dul ar bhonn dátheangach mar, má tá spriocanna gearra ann, dian-spriocanna le haghaidh gach Céim agus le haghaidh leasuithe, ní chuidíonn sé sin leis an bpróiseáil dhátheangach. Is léir le scrúdú ar bith ar an líon leasuithe a bhíonn i gceist má bhíonn siad le próiseáil in dhá theanga gur cheart ar a laghad an t-am atá ar fáil a dhúbailt. Níl a fhios agam an mbeadh na Comhaltaí go leir sásta go n-athrófaí na spriocanna sin. Tá plé polaitiúla ag baint leis sin agus tá súil agam go bhfaighimid na freagraí ar roinnt de na ceisteanna sin sa staidéar comparáideach seo leis na parlaimintí dátheangacha. Tá parlaimintí eile a fheidhmíonn go hiomlán go dátheangach agus ní fál go haer nó rud dodhéanta é. Níl ann ach teacht ar an tslí a dhéantar an obair seo sna parlaimintí eile agus an cleachtas is fearr a roghnú agus a chur i bhfeidhm. Beidh córas againn ansin inar féidir an dátheangachas a phróiseáil mar ghnáthchuid den chóras seachas an dátheangachas agus an Ghaeilge a bheith mar rud breise a chothaíonn fadhb an t-am ar fad. Ní hé sin an dátheangachas. Táim ag súil go mór leis na freagraí ar na ceisteanna sin a fháil ó Quebec, an Eilvéis, an Bheilg agus ó na tíortha ina bhfuil an dátheangachas á fheidhmiú go hiomlán ina gcuid parlaimintí.
Luaigh an Teachta Calleary ansin comhartha a bheith ag daoine san Oireachtas chun go n-aithneoimis a chéile mar Ghaeilgeoirí.
Tá a fhios agam go bhfuil roinnt daoine ann i saol na Gaeilge nach maith leo an smaoineamh sin, is é sin go gcaithfí comhartha a chur suas. Cloisim daoine chomh maith á rá gur cheart do Bhéarlóirí comhartha a chur suas agus nach bhfuil Gaeilge acu. Ghlacamar leis an moladh sin ag an gcruinniú deiridh a bhí againn leis an gcomhchoiste. Go príomha, cuireadh an smaoineamh chun cinn i measc na n-uiséirí agus bhí plé ina thaobh faoi cén saghas comhartha a bheadh ann nó an fáinne a bheadh i gceist? Is comhartha réamhdhéanta é an fáinne agus glacadh leis sin mar rogha. Sa deireadh socraíodh air sin. Bhíomar ag caint ar chomhartha Oireachtais a bheith againn agus nach gá go ndéarfadh sé gur Gaeilgeoir mé nó go bhfuil Gaeilge agam ach go ndéarfadh sé rud éigin oireachtasúil agus go n-aithneoimis a chéile ar an slí sin.
B’fhéidir gur cheart dúinn féachaint air sin arís féachaint an féidir linn comhartha ar leith a bheith againn san Oireachtas do dhaoine atá dátheangach agus gur mhaith leo an Ghaeilge a labhairt agus seirbhísí a thabhairt trí mheán na Gaeilge ansin.
Luaigh an Teachta Calleary caighdeáin Ghaeilge éagsúla a bheith ag daoine agus is pointe tábhachtach é sin ó thaobh Achtanna a aistriú agus iad a phróiseáil ar ardleibhéal nuair a bhíonn Gaeilge ardleibhéil oifigiúil ag teastáil. Ní bhíonn an leibhéal sin Gaeilge ag teastáil ó gach duine le haghaidh cúraimí éagsúla. Mar shampla, i Rannóg an Aistriúcháin féin tá an colún riaracháin againn anois chun an riarachán iomlán a dhéanamh, rud nach raibh againn go dtí le fíordhéanaí. Tá leibhéil arda cumais sa teanga ag na daoine sin ach ní aistritheoirí ná eagarthóirí iad. Is pointe dlisteanach é mar gheall ar na leibhéil éagsúla Ghaeilge a bheith ann, díreach mar a bhíonn leibhéil éagsúla Bhéarla ag teastáil ó dhaoine le haghaidh na cúraimí a bhíonn orthu siúd.
No comments