Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirfidh mé na ceisteanna anois. Sa chomhthéacs sin, tá a fhios agam gur ghlac duine i m'oifig páirt sna ranganna ar líne. Is maith an rud é go bhfuil siad ann ach tá níos mó ag teastáil. Ní raibh an caighdeán ró-ard. Bhí daoine le Gaeilge a bhí ag streachailt agus bhí daoine le Gaeilge a bhí ar leibhéal níos airde. Tá na ranganna sin ar líne ar siúl i rith an lae nuair atá m'fhoireann agus foireann na dTeachtaí Dála eile an-ghnóthach. Tá a fhios agam ó na maoir ar an talamh nach bhfuil na deiseanna ann dóibh. Baineann mise úsáid i gcónaí as foireann an Tí agus déanann siad a ndícheall ach níl na deiseanna ann dóibh. Tá siad ag obair. Tá na ranganna ar siúl ag amanna míchuí agus is dócha go bhfuil tuilleadh le déanamh ansin chun daoine a mhealladh. Tá Peter Finnegan ag caint faoi chúrsaí earcaíochta amach anseo agus tá sé sin tábhachtach ach, ag an bpointe seo, is féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh, b'fhéidir ar bhonn píolótach nó mar thogra píolótach.

Tá mé ag breathnú ar dhaoine taobh amuigh den Teach agus tá an-mheas acu ar an nGaeilge agus níl deis dá laghad acu feabhas a chur uirthi. Is dócha nach bhfuilimid ag mealladh daoine i mbealach atá indéanta dóibh. Tá mé ag baint úsáid as m'oifig féin agus mo thaithí ar an talamh ag caint le daoine. Ba chóir go mbeadh níos mó ranganna ar siúl, ar bhonn píolótach ar feadh dhá bhliain mar go bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh na teanga de. Tá gá le rudaí a dhéanamh ag an bpointe agus rudaí a dhéanamh atá níos fadradharcaí agus fadtéarmaí. Sin moladh amháin atá agam: tuilleadh ranganna a chur ar siúl ón Mheán Fómhair ar aghaidh in amanna atá cuí don fhoireann uile ó bhun go barr. Ba cheart breathnú air sin agus breathnú ar iad a mhealladh agus rud a thabhairt dóibh. Níl aon toradh tar éis na ranganna seo. Feileann sé do dhaoine píosa comhrá a bheith acu agus níl mé ag caitheamh anuas air sin beag nó mór. Tá gá leis sin ach tá gá le rud níos dáiríre nó rud ar leibhéal eile freisin, laistigh de Thithe an Oireachtais.

Tiocfaidh mé ar ais go Vivian Uíbh Eachach maidir le cúrsaí aistriúcháin. Maidir leis na ceannteidil ar Oireachtas TV, dúirt Peter Finnegan go bhfuil sé sin ar intinn acu. Bhí sé ar cheann de na moltaí a bhí againn ar an gcoiste deireanach agus níl sé déanta fós. Tá a fhios agam go raibh fadhbanna le Covid-19 ach níl a fhios agam cén uair a bheidh na ceannteidil le feiceáil.

Is dócha go bhfuil deireadh le scéimeanna teanga anois agus ba chóir do na finnéithe a bheith ag breathnú ar an gcóras nua. An raibh aon idirghabháil acu leis an gCoimisinéir Teanga? Níl seisean ag brath ar na scéimeanna teanga. Tá deireadh leo i ndáiríre má leanaimid ar aghaidh leis an mBille nua. Ba chóir do na finnéithe a bheith ag díriú isteach ar an gcaighdeán a bheidh ann. Cad iad na céimeanna ar féidir a thógáil go réamhghníomhach?

Molaim na finnéithe as ucht an chláir oideachais agus na deiseanna a chuireann siad ar fáil do dhaltaí as ceantair Ghaeltachta agus Gaelscoileanna. Cén uair a bheidh sé sin ag tarlú arís? An bhfuil cinneadh déanta? Tiocfaidh mé ar ais go dtí an Rannóg 2024.

Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí. Tá athrú suntasach tagtha air agus molaim na finnéithe as ucht an dul chun cinn atá déanta ach tá feabhas le déanamh fós nó céimeanna eile ionas go mbeadh an Ghaeilge agus an dátheangachas go feiceálach i ngach áit, sa bhialann agus ar na comharthaí, mar shampla, agus chonaiceamar nach raibh sé sin le feiceáil ar na comharthaí. Ní raibh an locht ar na finnéithe; bhí sé ar an fheidhmeannach sláinte. Bhí na comharthaí i mBéarla amháin, agus feicimid fós iad in áiteanna ar fud an Tí. Tá bealach eile fós le taistil maidir leis sin agus sin rud praiticiúil, go mbeadh comharthaí dátheangacha i ngach áit.

Maidir le cúrsaí aistriúcháin agus rannóg 2024, an togra seo agus an tuarascáil, agus gabhaim buíochas as ucht na bhfigiúirí, tá bealach fada fós le déanamh. Tá dul chun cinn déanta. Tá 511 Achtanna agus tá 100% dóibh aistrithe anois ach tá próiseas eile. Níl ach 10% foilsithe. Tá céimeanna maidir leis an aistriúchán. An í sin an fhadhb nach bhfuil sé foirfe fós? An bhfuil orthu breathnú air sin? Is údar imní dom gur ghá an acmhainn a mhéadú, áfach, má táthar chun gach Acht riaráiste a fhoilsiú. Ní chuireann acmhainn isteach ar fhoilsiú na nAchtanna i mBéarla. Ní thuigim cén fáth a bhfuil sé ansin. Mar is eol don finné i bhfad níos mó ná mé féin, is í an Ghaeilge an teanga oifigiúil. Bhí ar an gcás cúirte breithiúnas a thabhairt chun dul chun cinn a dhéanamh. Tá dul chun cinn déanta. An mbeidh siad go léir aistrithe roimh 2024? An bhfuil an rannóg chun an cuspóir sin a bhaint amach nó an bhfuiltear fós ag rá go mbraitheann sé ar acmhainn? Ní bheinn sásta leis sin beag ná mór. Cé mhéad aistritheoir atá ag an rannóg? An bhfuil folúntas ann? An bhfuil sé ag brath níos mó agus níos mó ar sheirbhísí ó thaobh amuigh den Teach? Ní bheinn sásta leis sin ach an oiread. B'fhéidir go dtabharfaí sé sonraí dom faoi sin.

Ag teacht ar ais go Peter Finnegan, tá Gaeilge álainn aige. B'fhéidir go n-úsáidfidh mé eisean mar shampla mar go bhfuil an fhadhb chéanna agamsa. Tá sé deacair Gaeilge a labhairt go poiblí agus an chéim sin a thógáil. Tá sé i bhfad níos éasca dul ar ais go dtí an Béarla. Tuigim é sin. Tá an-tuiscint agam air sin. Tá sé i bhfad níos éasca an Béarla a úsáid. Mar Theachta Dála, faigheann tú níos mó poiblíochta má labhraíonn tú trí Bhéarla. Tá dúshlán eile againn mar Theachtaí Dála. B'fhéidir nach bhfuil sé féaráilte dó ach an mbeadh sé sásta an dúshlán sin a ghlacadh? Cén fáth a ndeachaigh sé ar ais ar an mBéarla nuair atá neart Gaeilge aige? Tá mé á úsáid mar shampla.

Tá ról ceannaireachta againn go léir. Bím ag gearáin ach ag an am céanna, tá ról agam rud a dhéanamh agus an Ghaeilge a úsáid, beag beann ar na botúin. Sin rud ginearálta. An féidir leis na finnéithe na rudaí eile a fhreagairt?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.