Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cláir Nuachta Gaeilge: Plé

Mr. Alan Esslemont:

Go raibh maith agat. Táimid an-bhródúil as an méid atá curtha i gcrích againn. Nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge, TnaG, bhí go leor sa tír nár theastaigh uathu TnaG a bheith ann agus, dar liomsa, is socrú de minimisa bhí sa socrú a rinneadh. Is an rud is lú a d’fhéadfaidís a dhéanamh a bhí ann ach, ag an am céanna, ag cinntiú go raibh muid ann. I ndeireadh na dála táimid fós mar sin. Tá RTÉ chomh mór céanna agus tá an ecosystem chomh monailiteach céanna is a bhí riamh. Tá thart ar 18% den mhaoiniú poiblí ag TG4 is atá ag RTÉ.

Ó thaobh na nuachta, téann sé ar ais go dtí an pointe sin. Dúirt an Stát nach raibh sé in ann íoc as stáisiún Gaeilge. Dúradh leis breathnú ar an mBreatain Bheag, mar thug an BBC uair an chloig sa lá - anois is deich n-uaire an chloig sa tseachtain atá ann - do S4C agus ar an mbealach sin bhí an stát in ann airgead a shábháil. Le bheith fírinneach, gan an uair an chloig sa lá, móide an €15 milliún a bhí againn nuair a thosaigh muid, ní bheadh muid in ann tosú. Is socrú hibrid a bhí ann ón tús mar ní raibh an Stát sásta íocaíocht iomlán a chur ar fáil do TnaG. Caithfear a rá freisin gur rud casta é a bheith ag plé le cúrsaí nuachta mar teastaíonn saineolas. I ndeireadh na dála, d’éirigh le RTÉ é sin a bhunú leis an tallann a bhí ann agus le tallann nua. Dúradh linn nach raibh tallann ann sa Ghaeilge, sa Ghaeltacht nó i bpobal na Gaeilge, ach ag gach pointe d’éirigh linn é sin a chur ar fáil agus, dar liomsa, tá na hiriseoirí raidió agus teilifíse atá againn faoi láthair ar chomhchéim leis na hiriseoirí atá ag feidhmiú i mBéarla, agus cuid acu níos fearr. Mar a dúirt an Teachta, is RTÉ atá ag íoc a gcuid pá. Tá siad fostaithe ag RTÉ agus tá siad ag soláthar dhá bhranda nuachta faoi láthair, is iad sin, nuacht ar RTÉ agus nuacht TG4.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.