Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cláir Nuachta Gaeilge: Plé
Mr. Alan Esslemont:
Táim mé an-bhuíoch as an deis seo labhairt leis an gcoiste inniu. Tá mo ráiteas tosaigh curtha ar fáil. Glacaim leis go bhfuil sé léite ag na comhaltaí ach ba mhaith liom cuid de na bunthuiscintí atá ag TG4 ar chúrsaí craoltóireachta poiblí, ach go háirithe cúrsaí nuachta, a chur ar fáil dóibh. Creideann TG4 go mbaineann ról na craoltóireachta Gaeilge le pleanáil teanga go pointe. Tá cuid den phleanáil ar a dtugtar pleanáil stádais air agus tá ról lárnach ag TG4 sa phleanáil stádais sin. Le 25 bliain anois, tá an-dul chun cinn déanta ag TG4 ó thaobh chur chun cinn stádas na Gaeilge go náisiúnta.
Is é an t-aon rud faoi ná nach dóigh liom gur éirigh linn an stádas sin a thabhairt ag an leibhéal ba chóir di. Má bhreathnaíonn na comhaltaí ar tír nach bhfuil i bhfad ó seo, an Bhreatain Bheag, agus an stádas a thugann siadsan go Sianel Pedwar Cymru, S4C, tá beagnach trí oiread an mhéid maoinithe curtha ar fáil do S4C ná mar atá do TG4. Tá an stádas ag oibriú ach níl a dhóthain stádais ag TG4.
Is é an bhuntuiscint eile atá taobh thiar den fhís atá ag TG4 tar éis Covid-19 ná éiceachóras craoltóireachta níos cothroime ná mar atá faoi láthair. In Éirinn, is éiceachóras monailiteach í an t-éiceachóras chraoltóireacht seirbhíse poiblí. Níl aon chothromaíocht ann. Má tá 100% de mhaoiniú ag RTÉ, níl ach 18% de mhaoiniú poiblí ag TG4. Má chuirtear caiteachas san áireamh, níl ach an deichiú cuid ag TG4 agus atá ag RTÉ. Má tá fadhbanna ag RTÉ, beifear in ann a thuiscint an leibhéal fadhbanna atá ag craoltóireacht na Gaeilge sa tír seo.
Luaigh Jon Williams an taighde a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is taighde iontach é agus is é an rud is láidre a thagann tríd ná go bhfuil caighdeán an-ard ag iriseoireacht na Gaeilge. Tá tallann sa Ghaeilge atá in ann déileáil leis ach is é an rud is mó a thagann amach ná nach bhfuil a dóthain di ann. Níl sé sách leathan. Maidir leis an mbeagáinín oibre a rinne bord TG4 taobh amuigh dó sin, thángamar ar an tuairim, tar éis 25 bliain, i ndeireadh na dála, nach bhfuil againn ach feasachán ag 7 p.m. agus cuid den ábhar sin, tá sé feicthe ar chainéal eile i nGaeilge ag 5.45 p.m. agus ar chainéal eile i mBéarla idir 6 p.m agus 7 p.m. Maidir leis an rud atáimid a cur ar fáil ag 7 p.m., dar le bord TG4, tá sé tanaí. Chomh maith leis sin, níor éirigh linn, le 25 bliain, leis an rud ar thug Jon Williams "digital-first" air. Níl aon phróifíl "digital-first" ar chor ar bith ag TG4. Aon chuid di, is faoi bhrandaí RTÉ atá sí.
Dar leis an mbord, tá obair mhór le déanamh, agus mar chuid den phlean atá curtha ar aghaidh againn ag an Roinn, an Rialtas agus an Broadcasting Authority of Ireland, BAI, táimid ag moladh athraithe ar chúrsaí nuachta. Is dóigh gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh maoiniú ar fáil ach, roimhe sin, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh fís faoi leith ag "Nuacht TG4" ag gach leibhéal. I ndeireadh na dála, cé go bhfuil an comhoibriú iontach idir muid agus RTÉ, tá ceannas eagarthóireachta i gceist ansin.
No comments