Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na ceisteanna go dtí seo a fhreagairt. Tosóidh mé leis an bpíosa deireanach faoin athrú atá ag teacht chugainn ar fad ó thaobh na hoibre. Nílim ag cur an milleán ar aon duine ach thug an phaindéim seans dúinn tástáil a dhéanamh ar obair ó bhaile agus obair i mbailte beaga timpeall na tíre. Is féidir linn ar fad a aithint go bhfuil buntáistí ann gur féidir linn féachaint air. Molaim an Roinn as tús a chur leis an gcaint, atá ag tarlú sna comhlachtaí príobháideacha cheana féin, i leith Bhaile Átha Cliath. Tá aithne agam ar dhaoine atá fostaithe ach nach raibh san oifig riamh toisc gur earcaíodh iad le bliain nó bliain go leith anuas. Níor bhuail siad lena gcomhghleacaithe ach ar Zoom, Teams nó a leithéid. I gcásanna áirithe, tá daoine an-sásta leis sin. Tá roinnt daoine eile gur fearr leo bualadh le daoine. Roimh an bpaindéim, bhíomar ag féachaint ar a bheith ag obair ceithre lá sa tseachtain seachas cúig lá. Bhí an státseirbhís i gcónaí go maith ó thaobh cuidiú a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh obair níos lú, a jabanna a roinnt agus a leithéid. Glacaim leis go dtarlóidh sé sin. B'fhéidir go shílfí nach bhfuil baint ar bith aige sin leis an nGaeilge agus is é an fáth go bhfuil sé á rá agam ná go measaim go bhfuil stór daoine ann gur féidir leis an státseirbhís iad a earcú dá mbeadh na poist ar fáil sa Ghaeltacht fiú dá mbeidís ag obair do Roinn atá lonnaithe sa chathair. Bíonn a lán daoine ón nGaeltacht ag bogadh go dtí cathair Bhaile Átha Cliath, Corcaigh nó fiú an Ghaillimh agus tá costas mór breise i gceist. Tá athrú iomlán saoil i gceist. Is deis é sin. An bhfuil tuairim ag na finnéithe air sin?

Cad iad na buntáistí atá ann do dhaoine atá ag obair sa státseirbhís? Tá daoine tar éis 20 bliain a chaitheamh ag caitheamh anuas ar an státseirbhís. Sa tréimhse idir 2008 agus pé bliain ina cuireadh críoch leis an mbord snip, bhítear ag caitheamh anuas ar státseirbhísigh, ar a bpinsin, ar an tslí inar oibrigh siad agus ar gach rud eile. Níor tugadh deis do na státseirbhísigh riamh an ról lárnach atá acu sa Stát a choimeád ar siúl a chosaint. Tá buntáistí ag baint le bheith ag obair sa státseirbhís. Le blianta beaga anuas, chuaigh daoine a bhí chun dul i dtreo na státseirbhíse i dtreo eile. Is é sin mar atá ach ba chóir dúinn i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh i leith na mbuntáistí a bhaineann leis an nGaeilge. Ba chóir go mbeadh níos mó scoláireachtaí ar fáil dóibh siúd atá sa státseirbhís chun freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Ba chóir níos mó ranganna agus ciorcail chomhrá, idir chinn fhoirmeálta agus chinn neamhfhoirmeálta, a bheith ann laistigh den státseirbhís. Chuideodh sé sin leis na Gaeilgeoirí atá sa státseirbhís a tharraingt amach astu féin. Bíonn siad cúthalach uaireanta ar eagla go ndéanfaí pigeon-holing orthu, mar a luaigh an Teachta Ó Cathasaigh. Tarlaíonn sé sin. Bíonn an token Gaeilgeoir ann sa chúinne gur gá dó nó di gach rud a aistriú. Fiafraítear díobh conas a deirtear rudaí áirithe. Táimse timpeall chomh fada sin go gcuireann gach duine ceisteanna aistriúcháin ormsa. Ní aistritheoir mé. Níl céim sa Ghaeilge agam. Mar sin, bíonn orm i gcónaí a rá nach bhfuil ach mo thuairim féin agam agus go bhfuil seans ann nach bhfuil sé go hiomlán cruinn. Má tá gramadach chruinn ag teastáil, ba chóir dul go dtí aistritheoir.

An síleann na finnéithe go bhfuil gá le níos mó aistritheoirí ní hamháin i dTithe an Oireachtais ach sa chóras chun cuidiú leis an státseirbhís mar eagras cinnte a dhéanamh go bhfuil na dualgais ar fad atá uirthi ó thaobh na Gaeilge de á gcomhlíonadh? Is post áirithe é. Luaigh David Cagney ina ráiteas tosaigh an iomaíocht atá anois ann idir an státseirbhís agus an tAontas Eorpach agus go bhfuil roinnt de na haistritheoirí á n-earcú ag an Aontas. Tá airgead breise ar fáil dóibh as a bheith fostaithe leis an Aontas Eorpach seachas leis an Stát anseo. An mbeidh fadhb ann amach anseo? Is dóigh liom go bhfuil an Roinn i gceannas ar fhostaíocht do Thithe an Oireachtais freisin. An mbeidh fadhb againn amach anseo daoine a mhealladh chun obair mar aistritheoirí, nó i bpoist eile a bhaineann leis an nGaeilge, i dTithe an Oireachtais?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.