Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Cuirfidh mé smaoineamh eile os comhair an choiste. Tá sé pléite agam ag an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin. Táim i gcónaí ag caint faoi policy coherence. Tá deis againn maidir le ceithre rud atá luaite ag an Rialtas mar aidhmeanna ginearálta: líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil laistigh den Ghaeltacht a mhéadú; fostaíocht a chruthú i gceantair Ghaeltachta; spriocanna earcaíochta ó thaobh inniúlacht Ghaeilge sa Státseirbhís a bhaint amach; agus dílárú an státchórais agus líon na ndaoine atá ag obair ó chian, nó remote working, a mhéadú. Tá féidearthacht ann faoi láthair. Is am na cinniúna é seo maidir le straitéis cosúil leis seo. An bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sásta breathnú ar an bhféidearthacht atá ann faoi láthair le dul chun cinn suntasach ó thaobh obair ó chian, nó remote working? B'fhéidir go mbeadh ann ná daoine le Gaeilge a mhealladh isteach sa státseirbhís agus go mbeadh siad in ann fanacht sa Ghaeltacht. B'fhéidir go mbeadh na cúpla lárionad a chruthú do dhaoine atá ag obair laistigh den státchóras ionas gur féidir leo a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht. B'fhéidir go bhfuil an smaoineamh seo lasmuigh den ábhar atá á phlé inniu ach, mar a dúirt mé, ba mhaith liom an smaoineamh seo a chur os comhair na bhfinnéithe ar aon nós. An bhfuil an Roinn sásta féachaint ar smaoineamh cosúil leis seo sa todhchaí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.