Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Táimse in ann teacht isteach air sin. Táimid ag caint leis an Roinn Oideachais faoi láthair faoi sin agus rudaí eile. Tá go leor caite ag an Roinn seo i leith na creatlacha sin a fhorbairt sa nGaeilge. Táimid ag íoc os cionn €130,000 in aghaidh na bliana le hOllscoil Mhá Nuad le os cionn deich mbliana le haghaidh na creatlacha sin a fhorbairt agus a chothú. Tá infheistíocht mhór déanta ag an Stát sa gcreatlach sin. Is é an rud faoina bhfuilimid ag caint leis an Roinn Oideachais, agus arís níl aon chinneadh faoi seo déanta go fóill, ná go mbeadh an chreatlach sin le húsáid ag an idirbhliain mar thús agus go mbeadh sé istigh sa gcóras go mbeadh daltaí idirbhliana in ann an scrúdú don Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, a dhéanamh. Ansin, bheadh siad istigh sa gcóras, mar a déarfá. Ansin, féadfaí rud eile a dhéanamh ag an leibhéal sinsearach den oideachas Stáit dara leibhéal. Arís, táimid ag caint leis an Roinn Oideachais faoi láthair. Tá go leor mionsonraí faoi sin le hoibriú amach go fóill. Níor mhaith liom a rá go bhfuil sé aontaithe go ndéanfar é sin. Tá na cainteanna fós ag dul ar aghaidh. Mar is eol don Teachta, tá sé istigh sa Bhille teanga go mbeidh an chreatlach Eorpach in úsáid. Is é sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh dul sa treo sin. Mar a dúirt an Teachta féin ó thaobh daoine ag rá go bhfuil Gaeilge acu ach gan a rá cén leibhéal Gaeilge atá i gceist acu, táimid ag iarraidh rud éicint eolaíoch a úsáid. Is é an bealach is fearr le hé sin a dhéanamh ná tríd an gcreatlach Eorpach. Tá sé eolaíoch agus seasann sé suas d'aon saghas scrúdú a chuirtear air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.