Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus lenár n-aíonna as a n-aighneacht agus a gcur i láthair. I dtús báire aontaím leis an Teachta Ó Cuív maidir leis na hainmneacha atá ar an na painéil, is é sin an painéal dátheangach sin agus painéal Gaeilge agus tá sé sin mícheart. Tá painéal Béarla agus painéal dátheangach ann agus caithfimid é sin a admháil i dtús báire.

Caithfimid a admháil freisin go bhfuil baol ann do dhaoine a théann isteach sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu ó thaobh pigeonholing. B’fhéidir go bhfuil Gaeilge ag duine ag teacht isteach sa chóras Stáit ach nach maith leis nó léi a bheith ag obair i bpost Gaeilge, mar a déarfá. B’fhéidir gur fearr leo post áirithe eile a bheith acu ach a bheith in ann é a dhéanamh trí mheán an Bhéarla agus na Gaeilge.

Tá an t-ábhar pléite go maith againn ar an Roghchoiste le linn dúinn plé a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) ach is í an cheist lárnach atá agam agus muidne ag bogadh ar aghaidh ná céard is inniúlacht nó líofacht ann, i ndáiríre. Mar a luadh sa chur i láthair, bhí 2.62% den líon daoine a dúirt go raibh líofacht acu.

San abairt atá i gceist agam, is é "tugadh le fios go bhfuil líon na státseirbhísigh a luaidh go bhfuil líofacht acu" atá scríofa. Tá sé níos soiléire fós sa leagan Béarla ina n-úsáidtear an téarmaíocht "indicated that the number of civil servants declaring themselves to be competent in Irish was low". Céard is inniúlacht ann? Céard is líofacht ann? Dá gcuirfí an cheist sin orm, an bhfuil mé líofa, déarfainn go bhféadfainn cúrsaí aimsire a phlé ach bheinn amhrasach an bhféadfainn filíocht an 17ú haois a léamh gan m'fhoclóir a bheith i mo thaobh agam. Céard is inniúlacht ann? Cén leibhéal Gaeilge atá ag teastáil ó thaobh post áirithe? Má táimid chun an sprioc uaillmhianach sin de 20% maidir le hearcú daoine le Gaeilge a bhaint amach, caithfimid a rá go díreach céard is inniúlacht ann.

Maidir leis an bhfigiúr sin, 2.62% de na daoine a d'fhreagair an cheist, tá an ardteistiméireacht bainte amach ag beagnach gach duine de na daoine sin. B'fhéidir go bhfuil ardteistiméireacht sa Ghaeilge bainte amach ag 95% de na daoine sin so cén fáth go bhfuil siad ag rá nach bhfuil siad in ann an Ghaolainn a labhairt ná aon jab ar bith a dhéanamh trí mheán na Gaeilge laistigh den státchóras? Mar a dúirt mé, tá sé pléite againn ag an roghchoiste go gcaithfimid rud éigin ar nós na creatlacha comónta Eorpaí a thabhairt isteach. Ansin, beidh daoine in ann a rá go bhfuil siad ar leibhéal B1, B2 nó C1. Caithfimid torthaí na hardteistiméireachta a chur ar cibé creatlach a úsáidfimid. Tá an chreatlach chomónta ann cheana. Caithfidh go mbeidh a fhios ag daoine a bhfuil an ardteistiméireacht déanta acu gurb ionann grád áirithe ag leibhéal áirithe - H1 ag an ardleibhéal mar shampla - agus leibhéal áirithe ag an gcreatlach - B1, B2, C1 nó mar sin. Dá ndéanfaí é sin, bheadh daoine in ann freagra ceart a thabhairt ar an gceist an bhfuil líofacht nó inniúlacht acu sa Ghaeilge. An bhfuil aon phlean ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an creat sin a thabhairt isteach don státseirbhís i gcoitinne ionas go mbeimid in ann a rá céard is líofacht nó inniúlacht ann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.