Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
B’fhéidir gurbh é sin cuid den réiteach agus tá neart taithí ag an Dr. Mac Cormaic ó thaobh cúrsaí san Eoraip agus an méid foirne a bhí ag teastáil ann. Tá gá le deiseanna a thabhairt do dhaoine laistigh den Roinn, áfach, atá i bhfad níos éasca dóibh agus go bhfuil tairbhe agus fónamh ag baint leis sin.
Críochnóidh mé mo chuid cainte agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. D’fhoilsigh an t-iarAire Stáit, an Teachta McHugh, an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 in 2018 agus tá sé i láthair anseo ar an gcomhchoiste. Tá an réimse gníomhartha atá anseo an-ghearr, ar leathanach 77, áit a luaitear “Riarachán, Seirbhísí agus Pobal” agus tá dhá rud i gceist leis ansin. I dtosach deir sé in 2018 gur le hachtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla go ndíreoidh na Ranna uile isteach ar an gcóras nua, is é sin na caighdeáin seachas na scéimeanna teanga. Níos tábhachtaí fós, deirtear:
Déanfar taighde a choimisiúnú chun na tosaíochtaí d’earcú cainteoirí Gaeilge a shainiú, mar aon leis na tosaíochtaí do sholáthar seirbhísí as Gaeilge. Déanfar na bealaí is éifeachtaí a fhiosrú ...
Bhí sé anseo mar ghníomh in 2018. An bhfuil a fhios ag aon duine an bhfuil an gníomh sin comhlíonta agus an bhfuil an tuarascáil agus an taighde sin déanta?
No comments