Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Táim ag streachailt chun rud dearfach a tharraingt as an méid sin. Tuigim go bhfuil neart Gaeilge ag a lán státseirbhíseach. Mo bhuíochas don Uasal Cagney gur luaigh sé é sin anseo. Ach tá sé ráite aige gurbh é an drogall atá ar státseirbhísigh teacht chun tosaigh ná an droch-thaithí a bhí acu ar scoil. Cinnte, bhí droch-thaithí ag a lán againn ach ní dóigh liom gurbh é sin an dúshlán is mó anois atá ag na daoine sin. Ceapaim gurbh é an dúshlán don Roinn ná na daoine a mhealladh agus brabús – drochfhocal é sin, i ndáiríre – nó bealach dearfach a chruthú chun iad a mhealladh ionas gur fiú é sin a dhéanamh.

Ag dul ar ais go dtí na ceisteanna a chuir an Teachta Ó Cuív, ní dóigh liom go bhfuil freagra sásúil cloiste agam agus d’éist mé go géar. I ndáiríre, bhí mearbhall orm mar tá sé ráite i ráiteas tosaigh na Roinne freisin go bhfuil buntáiste faoi leith ag daoine le Gaeilge. Is maith an rud é sin ach níl na torthaí le feiceáil agus ní raibh aon soiléireacht sna freagraí a chuala mise ar na ceisteanna a chuir an Teachta Ó Cuív. B’fhéidir go mbeidh na hionadaithe in ann teacht ar ais anois, nó freagraí a bheith scríofa i litir, agus na buntáistí agus na figiúirí a léiriú atá bunaithe ar an mbuntáiste sin atá ag daoine atá ag lorg-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.