Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
B’fhéidir go mbeidh David Cagney in ann teacht ar ais chugainn leis an bhfigiúr sin, lena thoil.
Ag filleadh ar an gCoimisinéir Teanga agus ar an tuarascáil a foilsíodh cúpla bliain ó shin agus atá luaite ag an Roinn, ar leathanach 4, ní den ráiteas tosaigh, gabh mo leithscéal, ach den dhoiciméad cúlra a thug an Roinn don chomhchoiste mar chúlra ar gach rud agus atá thar a bheith cabhrach dúinn, déanann an Roinn tagairt don Choimisinéir Teanga, na figiúirí, an tuarascáil a foilsíodh i mí Iúil 2019 agus don líon beag státseirbhíseach a bhí ábalta nó líofa i nGaeilge. Deir an doiciméad, “Nil aon chúis agam a chreidiúint go n-athródh sé seo go mór dá méadófaí méid na samplaí.” Dhírigh an coimisinéir ar shampla agus tá David Cagney ag rá go n-aontaíonn sé leis. Níos measa ná sin fós, deir sé, “Nil aon chúis agam a chreidiúint go n-athródh sé seo go mór dá méadófaí méid na samplaí.” Foilsíodh an tuarascáil seo in 2019. Cad atá déanta ó shin maidir le torthaí na tuarascála sin?
No comments