Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fáiltím roimh David Cagney agus Rob O’Toole, agus fearaim fáilte ar ais roimh an Dr. Aodhán Mac Cormaic. Fearaim míle fáilte roimh Eva Ní Shuilleabháin agus mo bhuíochas di as an bpríomhráiteas a léamh amach i nGaeilge. Gabhaim buíochas freisin as a n-obair agus an cháipéisíocht a bheith curtha ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus tá sé léite agam.

Ní raibh mé ró-shásta nuair a fuair mé amach go raibh cruinniú inniu ach, in ainneoin sin agus na mothúchán a bhí agam, tá sé thar a bheith suimiúil, i ndáiríre. Tá na hionadaithe atá os ár gcomhair ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ón Roinn is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de, agus ní hí sin Roinn an Dr. Mac Cormaic, cé go bhfuil sí sin tábhachtach freisin. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i bhfad níos tábhachtaí do shaol na Gaeilge ó thaobh tuisceana, acmhainní agus airgead a chur ar fáil. Ní airgead amháin ach tá an tuiscint ag teastáil freisin.

Ta rud beag in easnamh, is dócha, anseo. Dealraítear dom go bhfuil na finnéithe ag maíomh nach bhfuil líon na státseirbhíseach ró-dhona, i ndáiríre, nuair a chuirtear i gcomhthéacs leis an méid daoine a labhraíonn an Ghaeilge trid an tír. B’fhéidir go bhfuil míthuiscint ann. Fillim ar an gCoimisinéir Teanga in 2018 nuair a chuir sé in iúl chomh híseal is a bhí lion na státseirbhíseach le Gaeilge. Tá na hionadaithe anseo ag teacht ar ais agus ag rá linn nach bhfuil sé ró-dhona i ndáiríre nuair a chuirtear i gcomhthéacs é nuair a luaitear 2.62% ar leathanach 11. Cuirfidh mé go simplí é mar táim ag dul timpeall i gciorcail anseo. Tá an méid sin cloiste agam is go bhfuil mearbhall orm anois ach an nglacann na hionadaithe Roinne i dtús báire go bhfuil géarchéim ann ó thaobh cúrsaí fostaíochta agus na Gaeilge de in ainneoin gurb í an teanga náisiúnta agus an chéad teanga atá againn? Tosóidh me leis an gceist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.