Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Cuirfidh mé leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí. Tá plean náisiúnta aitheanta agus tá foráil i mBille na dTeangacha Oifigiúla nua faoi, chun plean náisiúnta a fhorbairt. Beidh an coiste comhairleach atá le bunú ag aithint na bpost agus na n-áiteanna a bhfuil na tosaíochtaí i dtaobh poist a líonadh le daoine le Gaeilge trasna an chórais Stáit, sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Beidh béim mhór curtha ar an nGaeltacht ansin agus ar aon áit a bhfuil bearnaí ann agus beidh straitéisí leagtha amach chun na bearnaí sin a líonadh. Tá sé tábhachtach a aithint gurb é sin an cur chuige nua a bheidh ann agus beidh an coiste comhairleach agus an dá Roinn ag obair i gcomhar leis na comhlachtaí poiblí éagsúla atá ann le haghaidh an phlean náisiúnta sin a chur i dtoll a chéile.

Mar a dúirt an tUasal Cagney, tá sé ráite go sonrach i straitéis athnuachan na státseirbhíse go gcuirfear an plean sin i bhfeidhm. Foilsíodh an plean sin thart ar mhí ó shin. Is cur chuige an-dearfa don todhchaí é sin.

I dtaobh a bheith ag dul isteach sna scoileanna, tá conradh againne le Conradh na Gaeilge le roinnt mhaith blianta anois. Cuireann siad Seó Bóthair isteach sna scoileanna dara leibhéal, sna coláistí samhraidh agus sna hollscoileanna le cur ar súile na ndaoine óga na deiseanna atá ann chun poist a fháil sa tseirbhís phoiblí.

Ceithre nó cúig bliana ó shin rinne an tAontas Eorpach cinneadh deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas ag deireadh na bliana seo.

Bhíomar ag cur níos mó béime ar na poist san Eoraip leis an seó bhóthair sin, ach mar is eol don chomhchoiste, d’eisigh an Coimisiún Eorpach thart ar thrí seachtaine ó shin tuarascáil á rá nach raibh aon bhac le deireadh a chur leis an maolú ag deireadh na bliana seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an sprioc sin bainte amach ag úsáid, mar a dúirt David Cagney, go leor straitéisí. Níor réitíomar an fhadhb sin le haon rud amháin agus bhí go leor straitéisí á n-úsáid againn ansin. Is é ceann de na rudaí a d’úsáideamar ansin ná an seó bóthair atá ag Conradh na Gaeilge. B’fhéidir go mbeimid ag athrú an bhéim anois sa straitéis maidir leis an sprioc atá sa Bhille le haghaidh 20% d’earcaithe nua a bheith ina gcainteoirí Gaeilge agus go gcuirfimid níos mó béime ar an tseirbhís phoiblí sa bhaile seachas an tseirbhís phoiblí san Eoraip.

Tugann an 20% sin teachtaireacht láidir, rud nach raibh ann cheana féin, go bhfuilimid in ann dul isteach agus cur leis an rud atá á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge sna blianta amach romhainn, an teachtaireacht a thabhairt do na scoileanna agus do na hollscoileanna agus, fiú amháin, ag leibhéal eile, go mbeimid ag obair lena leithéid Tuismitheoirí na Gaeltachta a dhéanann obair leis na teaghlaigh Ghaeltachta atá ag iarraidh a gclanna a thógáil le Gaeilge.

Nuair atá cinneadh á dhéanamh ag tuismitheoirí faoi cén teanga a bhfuil siad lena húsáid lena gcuid gasúr a thógáil, tuigfidh siad an buntáiste eacnamaíoch atá ansin ón teanga agus go bhfuil na deiseanna fostaíochta anseo. Bíonn tuismitheoirí uile an-fhadradharcach agus iad ag breathnú amach ar na deiseanna is fearr dá gcuid páistí. Is é sin an t-am lena aghaidh sin agus bheinn ag súil in imeacht na mblianta go bhfeicfimid méadú ar lion na ndaoine atá ag iarraidh an teanga a thabhairt ar aghaidh dá gcuid gasúr féin agus na deiseanna sin a chruthú dóibh. Luaigh David Cagney é seo. Is straitéis fhadtéarmach é seo. Caithfimid tosú ag aois an-óg agus le tuismitheoirí óga. Is iad sin na daoine atá díreach ag tosú amach lena gcuid clanna. Caithfimid díriú isteach ar na céimeanna eile freisin agus úsáid a bhaint as na straitéisí éagsúla a d’úsáideamar le cúig bliana anuas le freastal ar dheireadh an mhaolaithe ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.