Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Dá gcuirfinn iarratas isteach sa státseirbhís, d’fhéadfainn a rá cén fáth go shéanfainn an Béarla atá agam, mar tá sé agam. Cén fáth nach gcuirfinn isteach ar an bpainéal dátheangach ina mbeinn dhá oiread níos fearr as mar ní bheinn ag ligean orm féin nach bhfuil Béarla agam? Bheinn an-úsáideach mar státseirbhíseach mar go mbeinn in ann plé a dhéanamh i mBéarla agus i nGaeilge. Ar an bpainéal eile, thabharfaí le fios nach bhfuil agam ach Gaeilge. Dá mba rud é go gcuirfinn isteach ar an bpainéal dátheangach agus nuair a thiocfadh PAS tharam chun post a thabhairt do dhuine a bhí ar an bpainéal Gaeilge amháin, nach mbeadh cás agamsa ina choinne a rá go ndearnadh éagóir orm mar dúradh gur painéal dátheangach é?
Táim á rá seo mar go bhfuil dúshlán mór againn. Táimid ag séanadh an buntáiste mór atá ag an gcainteoir Gaeilge mar go bhfuil Béarla aige nó aici. Ní cainteoirí Gaeilge amháin iad. Is cainteoirí dátheangacha iad siúd. Is dóigh liom go mbeadh sé an-deacair do dhuine óg meabhair a bhaint as seo. Mar sin, dá mbeinn ag breathnú air seo, chuirfinn isteach ar an bpainéal dátheangach, déarfainn ó tharla go bhfuil Gaeilge agus Béarla agam, chuirfinn isteach ar an bpainéal dátheangach. Gheobhainn marcanna breise le hais a bheith aonteangach Gaeilge.
No comments