Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bheadh sé dodhéanta don státseirbhís i gcoitinne atá ag obair trí Ghaeilge a fheidhmiú gan Bhéarla mar bíonn sí ag plé le daoine eile nach bhfuil Gaeilge acu. Bíonn an Dr. Mac Cormaic, mar shampla, ag plé le daoine i mBéarla an t-am uilig. Gach uile duine sa státseirbhís a phléitear cúrsaí i nGaeilge, bíonn siad ag plé le cúrsaí i mBéarla freisin go cumasach. Tagann codanna suas i nGaeilge mar aon leis an mBéarla. Glacaim leis go bhfuil Béarla ag na daoine sin.

Má thagann post le Gaeilge suas, an dtéitear tríd an dá phainéal? Maidir leis na daoine le marc i ndiaidh a n-ainm ag léiriú go bhfuil Gaeilge agus Béarla acu, an gcuirtear iad siúd i gcomparáid leis na daoine atá ar an bpainéal Gaeilge amháin, agus más ea cén chaoi? Cuir i gcás go bhfuil an Roinn le cúram na Gaeltachta ag iarraidh duine le Gaeilge a cheapadh, an dtéitear síos an painéal dátheangach, mar a dtugann na finnéithe air? An féidir duine a bheith air gan ach Béarla amháin a bheith aige nó aici ach a rá go bhfuil Gaeilge aige nó aici freisin? An dtéitear síos an painéal sin agus an painéal a bhaineann le Gaeilge amháin acu, ag an am céanna? Cén chaoi a roghnaítear duine agus cén tosaíocht a thugtar dó nó di? Ní thuigim cén fáth go bhfuil an dá phainéal ann.

Shílfí dá mbeadh painéal amháin ann agus daoine áirithe le “dátheangach” ina ndiaidh a n-ainm, agus dá mbeadh post dátheangach ag teacht anuas, is é sin post le Gaeilge chomh maith le Béarla, go dtabharfaí don chéad duine eile ar an liosta é. Tá Rob O’Toole ag rá “No”, go bhfuil painéal amháin - Gaeilge agus Béarla - agus má tá Gaeilge ag duine chomh maith le Béarla cuirfear marc lena ainm nó lena hainm. Sa phainéal Gaeilge amháin, glactar go mbíonn Gaeilge agus Béarla acu. Má cheaptar duine sa Roinn le cúram na Gaeltachta, cá bhfaightear é nó í agus cén tosaíocht a thugtar don dá phainéal?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.