Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair agus as an aighneacht a chur ar fáil roimh ré dúinn. Tá mé ag iarraidh an córas atá ann a thuiscint, go mór mór ó thaobh an iarratasóra a dhéanfadh iarratas ar phost neamhspeisialta sa státseirbhís. Tá grád ginearálta ann agus, de réir mar a thugaim – b’fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann é seo a dheimhniú - is iad na daoine is mó a earcaítear ná oifigigh chléireachais agus oifigigh fheidhmiúcháin. De réir a thuigim, má chuireann siad isteach ar an bpainéal Gaeilge, ní ghlactar leis go huathoibríoch go bhfuil cumas Béarla acu freisin. Ní áirítear iad do phoist nach bhfuil Gaeilge ag teastáil uathu.

Tagraím do dhaoine nach gcuireann isteach ar an bpainéal dátheangach, mar a dtugann an Roinn air, ach, ní painéal dátheangach i ndáiríre é. Is é an painéal Gaeilge an painéal dátheangach, i ndáiríre, mar glactar go bhfuil Béarla ag gach uile dhuine air. Sa chás sin ní ghlactar leis na daoine seo ar chor ar bith. Tabharfaimid “an painéal Gaeilge” agus ”an painéal Béarla” orthu. An bhfuil an ceart agam, má theastaíonn le duine a bheith áirithe le poist nach bhfuil riachtanais na Gaeilge i gceist - agus muid ag caint faoi líofacht Bhéarla – is fiú cur isteach ar an bpainéal Béarla freisin?

Éiríonn mo dhara ceist as sin. Abair muna ndéantar é sin agus go mbíonn duine ar an bpainéal Gaeilge amháin, má thagann post suas nach mbíonn Gaeilge ag teastáil ach go bhfuil Béarla ag teastáil, an bhfuil an ceart agam, nach n-áirítear an duine don phost a bhfuil Béarla de dhíth, fiú dá bheidís iomlán cáilithe don phost sin? Chomh maith leis sin, cé mhéad duine a thuigeann go gcaithfidh siad a chur isteach ar an dá phainéal le bheith cáilithe d’iomlán na bpost sa státseirbhís, idir Béarla agus Gaeilge - más rud é go bhfuil Gaeilge acu – chun an deis is fearr a bheith acu chun an post a fháil?

Mar an tríú ceist, má chuireann Gaeilgeoir isteach ar an dá phainéal, an bhfuil aon taifead ag an Roinn ar cé hiad is túisce á earcaítear uathu? Má chuireann duine isteach ar an bpainéal Gaeilge agus ar an bpainéal Béarla, an mó seans go ndéanfaí an duine a earcú i dtosach ón bpainéal Béarla, de bharr go bhfuil i bhfad níos mó poist i gceist, ná dá mbeadh ag an duine céanna ar an bpainéal Gaeilge? Tá sé ráite nach bhfuil ach 0.4% de na poist sainordaithe le bheith ag lorg líofacht sa Ghaeilge nó poist dhátheangach. Mura dtuigeann muid é sin agus mura bhfaighimid soiléireacht air sin, ní bheidh muid in ann aon bhreithiúnas siúráilte a fháil ar an bhfáth nach bhfuil daoine ag cur isteach ar an bpainéal Gaeilge.

Go minic, bíonn dhá fhadhb in intinn na ndaoine le Gaeilge. Is í an chéad cheann ná go bhfuil líon na bpost Gaeilge an-bheag agus mar sin bheadh sé i bhfad níos fearr dóibh a bheith ar an bpainéal mór. Is í an dara fadhb ná go mbíonn siad sáinnithe, i dtosach báire ar aon chaoi, i bpoist Ghaeilge amháin. Ní féidir leo dul isteach i go leor Ranna eile má theastaíonn uathu mar deirtear leo nach poist Gaeilge iad, má théann siad ar an bpainéal sin. Sílim féin, mura bhfaighimid tuiscint shoiléir ar an gceist seo, ní bheidh muid in ann aon dul chun cinn a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.