Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé
Ms Eva Ní Shúilleabháin:
Is ar an gcomhlacht seirbhíse poiblí agus dá máthair-Ranna faoi seach atá an dualgas ar sholáthar seirbhísí poiblí do chomhlachtaí poiblí. I gcás mo Roinn féin, is iad na príomhchustaiméirí ná an tAire, an tAire Stáit, an Rialtas, an tOireachtas, chomh maith le Ranna eile. De bharr chineál a gcuid feidhmeanna agus obair na Roinne, ní bhíonn ardleibhéil teagmhála le baill aonair don phobal i gcoitinne nó seirbhísí á chur ar fáil agus á soláthar go díreach dóibh.
Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tiomanta chun a chuid dhualgas á chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus, go háirithe, na dualgais a leagtar amach i scéim teangacha oifigiúla na Roinne, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne agus atá á uasdátú i láthair na huaire. Tá an Roinn tiomanta gach iarracht a dhéanamh faoin bplean gníomhaíochta um sheirbhís do chustaiméirí agus cairt chustaiméirí na Roinne chun cúram a dhéanamh dár gcustaiméirí ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Mar chuid den aighneacht scríofa a cuireadh chuig an gcoiste, leag David Cagney béim ar an tslí a sholáthraíonn comhlachtaí atá faoi scáth na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a sheirbhísí Gaeilge dá gcustaiméirí. Is iad sin ná an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Níl comhaireamh ceart ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar líon na státseirbhísigh phoiblí atá líofa i nGaeilge agus i mBéarla.
Mar a rinneadh tagairt dó san aighneacht scríofa chuig an gcoiste, d’fhoilsigh An Coimisinéir Teanga tuarascáil in 2019 ina leagfar amach torthaí iniúchadh cuimsitheach ar líon na státseirbhísigh a bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu. Tagraím do na torthaí. Tugadh le fios go bhfuil líon na státseirbhísigh a luaigh go bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge íseal. B’ionann 2.62% de dhaonra iomlán na státseirbhísigh a rinneadh iniúchadh orthu. Tháinig sé chun solais nach raibh ach 0.4% do na poist sa státseirbhís luaite le bheith ag lorg líofacht sa Ghaeilge. Níl aon chúis agam a chreidiúint go mbeadh an-difríocht ó na figiúirí seo dá méadófaí an méid a úsáidtear sa sampla.
Léiríonn torthaí an iniúchta seo scála an chomh-dhúshlán atá romhainn amach chun seirbhísí dátheangacha a bheith ar fáil ar fud na státseirbhíse agus an sprioc a bhaint amach go mbeidh 20% d’earcaigh nua in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge faoi 2030 mar atá leagtha amach i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Tá an earcaíocht go léir bunaithe ar éileamh agus tugann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoi chomórtais thar ceann na státseirbhíse chun painéil a chur ar bun ónar féidir poist a líonadh de réir mar a thagann folúntais i Ranna nó oifigí Rialtais. Tá bealaí éagsúla ann chun gur féidir cainteoirí Gaeilge a earcú chuig poist sa státseirbhís. Maidir le grád seirbhíse ginearálta neamh-speisialtóra, is iad na bealaí ná comórtas tiomnaithe Ghaeilge, comórtas neamh-dhátheangacha - is féidir le hiarrthóirí dátheangacha spéis a léiriú in aon phost ag grád áirithe - nó an dá bhealach seo.
Faoi na rialacha seo, bheadh seans níos fearr ag daoine dátheangacha poist a fháil sa státseirbhís agus ardú céime a thabhairt dóibh ina dhiaidh sin. Beidh siad in ann dul in iomaíocht i níos mó comórtais i gcomparáid le duine nach bhfuil feidhmiúil sa dá theanga. Is féidir le fostaithe buan a éiríonn leo ina dtréimhse phromhaidh iarratas a chur isteach chun aistriú chuig ról nó áit eile nuair a bheidh siad incháilithe faoin scéim soghluaisteachta na státseirbhíse. Is féidir leo aistriú chuig nó amach as róil dhátheangacha.
Mar chuid den aighneacht scríofa a cuireadh chuig an gcoiste, chuir David Cagney an t-eolas is déanaí faoi ghníomhaíocht earcaíochta Gaeilge na státseirbhíse, ó 2017 go dtí seo, ar fáil. Tagraím do na príomhthreoracha. I rith na tréimhse sin, chuaigh níos lú ná 1% do cheapacháin na státseirbhíse go poist ina raibh Gaeilge ag baint leo. Tá iarratais ó chainteoirí Gaeilge do buanphoist dátheangacha mar oifigigh cléireachais agus oifigigh feidhmiúcháin, a bhfuil freagrachtaí lárnacha orthu as seachadadh seirbhíse ag oifigí státseirbhíse, an-íseal i gcomparáid le comórtais neamh-dhátheangacha.
Faoin mbliain 2022 beidh an Ghaeilge mar theanga oibre oifigiúil iomlán an Aontais Eorpaigh agus cuirtear fáilte roimh seo. Ciallaíonn sé sin, áfach, faoi láthair go bhfuil iomaíocht dhíreach ann idir státseirbhís na hÉireann agus na seirbhísí aistriúcháin in institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis an líon beag de na hoibrithe oilte dhátheangacha atá ann faoi láthair, go háirithe ó bhunaíodh an t-aonad aistriúcháin Gaeilge an Aontais Eorpaigh i mBaile Átha Troim, Contae na Mí, le déanaí.
Ní comhtharlú ar bith é go bhfuil Dr. Mac Cormaic in éineacht linn inniu. Cuirfidh an taithí atá gnóthaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i bhforbairt agus ag cur straitéisí i bhfeidhm atá dírithe ar deireadh a chur le maolú na hEorpa in iúl dúinn faoi cad a dhéanaimid sna blianta amach romhainn. Don chéad uair riamh, i nuacht atá thar a bheith dearfach don Roinn, ina bhfuil forbairt na Gaeilge mar an príomhfhreagracht aici, beidh ról lárnach aici maidir le heolas a thabhairt do bheartas earcaíochta na seirbhíse poiblí. Má táimid chun an sprioc go mbeidh 20% d’earcaigh nua in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge a bhaint amach faoi 2030, beidh orainn cur chuige trasna an Rialtais ar fad le comhoibriú iliomad páirtithe leasmhara. Is tionscadal fadtéarmach é sin agus tá go leor dúshlán ann. Beidh cur chuige praiticiúil comhordaithe ag teastáil uaidh sa tréimhse suas go dtí 2030.
Tá an Bille reatha atá faoi bhráid Thithe an Oireachtais dírithe go príomha ar earcaíocht sa státseirbhís sa todhchaí. Ní mór dúinn gan dearmad a dhéanamh ar an 40,000 nó mar sin státseirbhíseach atá againn cheana féin. Tá cúrsaí idirmheánacha agus ardchúrsaí Gaeilge ar fáil do gach státseirbhíseach trí OneLearning, an t-ionad seirbhísí comhroinnte foghlama agus forbartha don státseirbhís, atá lonnaithe i Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Leanann sé ar aghaidh ag obair le Gaelchultúr chun sraith cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil ar líne. Is é an rún atá ag na cúrsaí sin ná tacú le baill fhoirne a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt agus, ar bhonn tábhachtach, cur le cumas na státseirbhíse seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge don phobal.
Mar a shonraítear san aighneacht, tá 1,291 státseirbhísigh cláraithe ar chúrsa oiliúna Gaeilge ó 2018 i leith. Tá 307 cláraithe i mbliana. Tá OneLearning ag forbairt a chéad ghlúin eile de chúrsaí oiliúna faoi láthair. Áirítear leis seo béim leanúnach ar oiliúint sa Ghaeilge a sholáthar agus pleananna chun cúrsa Gaeilge do thosaitheoirí a thabhairt isteach.
Mar fhocal scoir, tá bóthar fada le taisteal chun an sprioc earcaíochta dúshlánach a bhaint amach go mbeidh 20% d’earcaigh nua in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge faoi 2030. Leis an spriocbhliain 2030 mar pháirt den Bhille neartaithe, ba cheart an sprioc earcaíochta a bhaint amach, agus leis an tagairt shainiúla do na gealltanais seo i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030 a seoladh i mí na Bealtaine 2021, cinnteofar go mbeidh an státseirbhís ar fad ar bhord lena chinntiú go ndéanfar an iarracht is fearr na spriocanna seo a bhaint amach.
Is féidir le baill an choiste a bheith cinnte go n-oibreoidh oifigigh sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go réamhghníomhach mar bhall den choiste comhairleach atá le bunú ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nuair a bheidh an Bille reatha atá faoi bhráid Thithe an Oireachtais curtha i bhfeidhm.
Gabhaim buíochas leis na baill arís as cuireadh a thabhairt dúinn teacht os comhair an choiste inniu agus tá muid ag tnúth le bheith i rannpháirtíocht leo amach anseo.
No comments