Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimid ag cur fáilte roimh David Cagney, leas-ard-rúnaí agus ceann acmhainní daonna na státseirbhíse; Rob O’Toole, príomhoifigeach, agus Eva Ní Shuilleabháin, oifigeach cléireachais, rannán acmhainní daonna na státseirbhíse, mar ionadaithe ar son na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus an Dr. Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge, mar ionadaí ar son na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Táimid ag plé an ábhair maidir le seirbhísí poiblí dátheangacha na gcomhlachtaí poiblí agus líon na seirbhíseach dátheangach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe as a bheith linn anseo inniu.

Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Táimid chun díriú isteach air seo mar go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le seo toisc go bhfuil sé chomh lárnach do thodhchaí na Gaeilge agus leis an bplé a bhí á dhéanamh againn maidir le Bille na dteangacha oifigiúla agus na spriocdhátaí nó spriocanna a leagaimid síos ansin. Ar dtús báire, agus é sin ráite agam, iarraim ar David Cagney labhairt os comhair an chomhchoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.