Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Oireachtas Committee on Jobs, Enterprise and Innovation

Trade Between Ireland and the Palestinian Territories: Discussion

Mr. Bertie Ó hAinmhire:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. I am joining you today, a Chathaoirligh, from beautiful Cois Fharraige in the heart of the Conamara Gaeltacht. In my brief contribution, I will therefore address you mostly as Gaeilge, in Irish, but I have already provided members with documentation that includes a summary of my contribution in English.

Thar ceann Sadaka, ba mhaith liom a rá go bhfuil muid thar a bheith buíoch den Chathaoirleach agus go deimhin den choiste as an deis seo. Tá mé féin fíor-bhuíoch freisin as an deis labhairt leis an gcoiste agus comhfhreagras a dhéanamh leis an gcléireach trí Ghaeilge. Ní minic a tharlaíonn sé sin ach tá tiomantas an choiste le moladh.

Ciallaíonn an focal Sadaka "cairdeas" nó "carthanas" agus tá sé mar sprioc ag Sadaka tacaíocht a mhéadú agus a láidriú ar mhaithe le saoirse agus cearta daonna na bPalaistíneach. Sin an fáth go bhfuilimid ann. Teastaíonn uainn dul i bhfeidhm, an oiread agus is féidir, ar Rialtas na hÉireann agus ar an Aontas Eorpach ar mhaithe le pobal na Palaistíne. Beidh an béim inniu ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta daonna i gcomhthéacs cúrsaí trádála agus gnó. Tá aoi-chainteoirí den scoth againn, mar a dúirt an Cathaoirleach féin, go bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu: Hugh Lovatt ón European Council on Foreign Relations; agus Martin Konený ón European Middle East Project. Tá mionsonraí faoin mbeirt acu curtha ar fáil don choiste cheana féin agus tá áthas orainn go bhfuil siad linn.

Cruthaíonn an méadú seasta ar na lonnaíochtaí mídhleathacha san Palaistín bagairt ollmhór ar an bpobal Palaistíneach. Baineann an rud céanna leis an straitéis gaolmhar atá ag na hIosraelaigh, ina glactar seilbh ar thalamh agus ina dhéantar scrios ar thithe. De réir na Náisiún Aontaithe, an Aontais Eorpach agus go deimhin, na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, tá na lonnaíochtaí seo de chuid Iosrael iomlán mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta. Ar ndóigh, tá muid sa tír seo in aghaidh na lonnaíochtaí san Palaistín agus tá sé ráite ag an Rialtas arís agus arís eile go bhfuil muid ag seasamh go láidir leis na rúin éagsúla atá rite ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis na lonnaíochtaí céanna.

Faraor, ní dhearnadh mórán riamh le stop a chur le fás na lonnaíochtaí mídhleathacha seo. Cé go n-admhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil na lonnaíochtaí ina ndris chosáin roimh an tsíocháin, leanann an tAontas Eorpach ag trádáil le hIosrael i gcónaí.

Níl aon amhras ann ach go gcuidíonn an brabach ón trádáil seo go mór chun na lonnaíochtaí mídhleathacha seo a choinneáil beo agus inmharthana. Mar sin, cinntíonn an trádáil seo go leanann an briseadh dlí idirnáisiúnta agus tá seo thar a bheith tábhachtach. Tá tógáil agus méadú na lonnaíochtaí ar an mBruach Thiar mar bhagairt ollmhór ar aon réiteach san Palaistín. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid machnamh inniu ar na céimeanna gur féidir linn a thógáil sa tír seo agus taobh istigh den Aontas Eorpach chun stop a chur leis an scéal tubaisteach seo.

Tá cuimhne againne uilig ar stailc thuas i mBaile Átha Cliath i Dunnes Stores, a thosaigh i 1984 agus a lean ar feadh ceithre bliana. Mar thoradh ar an stailc sin, chuir an Rialtas ag an am cosc iomlán ar iompórtáil earraí ón Aifric Theas agus tá a fhios againn céard a tharla ina dhiaidh sin. Nach ba dheas an rud é dá gcuirfí tús le gluaiseacht mar an gcéanna arís anois i gcás na Palaistíne agus dá dtiocfadh an ceannródaíocht céanna ón Rialtas seo.

I will hand over to Mr. Lovatt in order that he can make his opening statement.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.