Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Ms Máire Denvir:

Tagaim go hiomlán le Réamonn Ó Ciaráin ansin gur maith an rud tascfhórsa a bhunú chun an scéal seo ar fad a fhiosrú agus a chíoradh agus breathnú romhainn don todhchaí. Sula ndéantar rud ar bith mar sin, táimid anseo inniu agus tá an scéal seo thar a bheith práinneach mar go gcaithfidh coláistí taobh istigh de chúpla seachtain cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad ag dul ar aghaidh le coláiste Gaeilge don bhliain seo chugainn. Is é sin le rá an mbeidh siad ag tosú ag cur bróisiúir ar an margadh, ag cur suíomh Idirlín ar fáil agus an bhféadfadh siad dul ar aghaidh go dtí maidin amárach leis na héilimh ar fad.

Dúirt an Teachta Ó Cuív ansin go bhfuil éileamh mór ar mhná tí anois agus tagaim leis sin go huile is go hiomlán go bhfuil éilimh orthu ach tá éilimh uafásacha arda ar choláistí Gaeilge freisin. Tá míle cineál cáipéise ann agus gan chaint ar bith orthu nuair a bhí an Teachta Ó Cuív ar choláiste samhraidh – más féidir liom é a chur mar sin - na blianta ó shin. Tá na céadta foirmeacha ann. Tá práinn leis an rud seo go dtiocfar ar réiteach láithreach faoi céard é an socrú atá á dhéanamh do na coláistí Gaeilge, do na hallaí pobail agus do na hallaí eile a úsáideann coláistí Gaeilge.

Chomh maith leis sin, sular féidir le haon choláiste smaoineamh ar dhul ar aghaidh an bhliain seo chugainn le coláiste Gaeilge, caithfimid a chinntiú go gcaithfear isteach sa bhosca bruscair agus go bhfaighfear réidh leis an dréacht-cháipéis leighis a cuireadh ar fáil ag comhairleoirí leighis don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán mar ní eispéireas coláiste Gaeilge a bheadh ann. Ní fhoghlaimeodh aon ghasúr Gaeilge, ní mhúinfeadh aon mhúinteoir ar an gcaoi sin ná ní bhainfidís aon sásaimh aisti. Bheadh deireadh le comhrá agus tuige go mbeadh siad ag dul go dtí an Ghaeltacht? Tá siad ag dul ann le spraoi, spórt, cultúr, craic agus teanga a fhoghlaim idir ranganna taobh istigh agus taobh amuigh. Ní raibh bealach ar bith a bhféadfaí rud ar bith mar sin a dhéanamh sa dréacht-cháipéis seo. Ba chóir go dtabharfaí ordú díreach dearmad a dhéanamh gur tharla an dréacht-cháipéis sin riamh. Tá a fhios agam nach cáipéis iomlán a bhí ann ach dréacht ach luíonn sé fós leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus caithfear é sin a chealú le go dtabharfar soiléiriú do na coláistí.

Aontaím go gcaithfimid a bheith cúramach agus bealaí agus straitéisí eile a úsáid le go mbeidh gach uile dhuine sábháilte agus slán ó thaobh sláinte agus cóiríochta de sna coláistí Gaeilge. Caithfear na bealaí eile atá ann atá i bhfad níos éifeachtaí ná an cháipéis a cuireadh ar fáil a scrúdú.

Caithfear deireadh a chur leis sin agus airgead cobhsaithe a sholáthar láithreach agus ansin caithfimid na héilimh ar fad atá againn a shásamh, nó go mbreáthófaí orthu, le gur féidir linn dul ar aghaidh. Cuir i gcás go dtéimid beagnach siar anois 100 bliain sna coláistí Gaeilge. Beidh scoláirí ag teacht ag an nGaeltacht nach dtuigeann cé hí bean an tí. Roimhe seo thiocfadh 50%, nó b’fhéidir ar a laghad 30%, de ghasúir a bhí acu anuraidh ar ais ag gach uile choláiste.

Thuig siad an córas agus thuig siad bean an tí, téarmaí ar nós "suí síos ag an mbord" agus go rabhadar i seomraí le chéile. Tá an tuiscint sin ar fad imithe. Bhíodh ceannairí tí, cúntóirí agus na daoine seo ar fad ag na coláistí. Tá sé sin ar fad imithe. Tá na múinteoirí agus príomhoidí imithe ag cuid acu. Tá orthu rudaí a fháil amach. Caithfear an-chuid airgid agus oibre a chur isteach i dtraenáil daoine le go mbeimid in ann an tionscal a thabhairt ar ais ar bhealach ar bith. Mar a dúirt mé sa gcáipéis, ní theastaíonn uainn go ndéanfaimid galltacht iomlán den Ghaeltacht, go dtiocfadh grúpa gasúr siar ann nach bhfuil a fhios acu céard atá ag tarlú. Is córas iontach eagraithe a bhí sna coláistí Gaeilge don chuid is mó, nó sa tromlach dóibh. Bhí siad thar a bheith eagraithe. Bhí na gasúir ag foghlaim. Mar a dúirt an Teachta Calleary ar ball, is ceann de na cúiseanna go bhfoghlaimíonn na gasúir an oiread sin i gcoláistí Gaeilge ná go mbaineann siad sásamh, spraoi agus taitneamh as. Tá an t-am acu. Tá siad trí seachtaine i mbun foghlama. Tá ceithre rang 30-nóiméad nó 35-nóiméad agat má tá an t-ádh leat mar mhúinteoir Gaeilge istigh i scoil. Caithfimid smaoineamh air sin. Mar a dúirt mé sa cháipéis, is iad seo todhchaí na Gaeilge agus todhchaí na hÉireann. Go minic, is as na coláistí Gaeilge a thagann ceannródaithe na Gaeilge. Tá súil againn gur mar sin a leanas ach tá an scéal anois práinneach. Níl muid ag caint faoi rud a leigheasfar i gceann trí mhí nó ceithre mhí. Caithfear gníomh a dhéanamh taobh istigh de choicís nó trí seachtaine le go mbeidh a fhios againn go mbeidh coláistí Gaeilge ann nó go bhfuil muid chun dearmad a dhéanamh ar an tionscal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.