Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2021
Vóta 33 - An Ghaeltacht (Athbhreithnithe)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní bhfuair muid leithscéal ach ón Teachta Ó Cathasaigh. Táimid anseo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar Tuilleadh Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí poiblí 2021: Vóta 33, Clár C, Gaeltacht — Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 5 p.m. más gá agus ar an am sin cuirfear ar fionraí é.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit don Ghaeltacht, spórt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus a oifigigh: Katherine Licken, Ard-Rúnaí; Aodhán MacCormaic, stiúrthóir na Gaeilge; agus Joe Healy, oifigeach airgeadais. Is comhalta ex officioden roghchoiste é an tAire Stáit agus mar sin cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála.

Is mian liom meabhrú do bhaill go gcaithfidh siad cloí leis an scaradh sóisialta le linn an chruinnithe agus a chinntiú go bhfuil na gutháin soghluaiste múchta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.