Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an dá chur i láthair, go háirithe an cur i láthair láidir ó Shorcha Ní Chéilleachair a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Tá cúpla ceist agam don CNCM. An aontaíonn an comhairle go bhfuil géarghá le freagra luath ar an gceist faoi phointí bónais a bheith á gcur ar fáil don chúrsa T1? Cén fáth nach bhfuil aon tagairt déanta don Fhráma Tagartha Comónta Eorpach sa cháipéis ar na sonraíochtaí ardteistiméireachta, cé go bhfuil an fráma luaite sa tsraith shóisearach?
An bhfeiceann an CNCM go bhfuil tábhacht le húsáid an fhráma sin san ardteistiméireacht, go háirithe ós rud é go mbeidh sé le húsáid i gcomhthéacs fostaíochta san earnáil phoiblí sa tréimhse atá amach romhainn?
No comments