Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Mar a dúirt an Cathaoirleach, táim i mo ceannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta. In éineacht liom inniu tá Roibeard Ó hEartáin, oifigeach forbartha Chúige Mumhan Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Ar dtús, ar mhaithe le mo chuid cainte a chur i bhur láthair i gceart, ba mhaith liom soiléiriú a thabhairt ar ról Thuismitheoirí na Gaeltachta. Is í an Ghaeltacht an dualgas atá ar Thuismitheoirí na Gaeltachta agus is ar an nGaeltacht amháin a bheidh mé ag labhairt inniu. Ní shin le rá nach mbaineann an t-ábhar seo le scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht mar go mbaineann sé le gach aon scoil sa tír, ach beimid ag díriú ar an nGaeltacht amháin, mar is é sin an dualgas atá orainn. Go deimhin is maith linn go bhfuil an deis seo againn mar go bhfágtar an Ghaeltacht ar lár go rímhinic i gcomhráite mar seo.

Os cionn 105 bliain ó shin sheas Pádraig Mac Piarais os comhair Ard Oifig an Phoist agus léigh sé Forógra na Poblachta. Éilíodh na cearta céanna don uile shaoránach sa bhForógra sin agus éilíodh go léireofaí an gean céanna do chlann uile an náisiúin. Seo fear a raibh baint nach beag aige leis an nGaeltacht ar ndóigh, a mhol an cainteoir óg dúchais agus a thug an "murder machine" ar an gcóras oideachais sa tír seo. Is díol suntais é mar sin, nár aithníodh go hoifigiúil an cainteoir dúchais Gaeilge sa chóras oideachais sa tír seo go dtí 2016, 100 bliain ghlan ina dhiaidh sin. An comhionannas é sin? An buntáiste é sin mar a mhaíodh sa Tí seo os comhair an chomhchoiste seo roinnt seachtainí ó shin?

An raibh nó an bhfuil fós an gean céanna á léiriú againn ar chlann uile an náisiúin?

Táimid anseo inniu leis na sonraíochtaí nua nó na cúrsaí nua don tsraith shinsearach a phlé agus an próiseas comhairliúcháin atá ar bun ina leith. Is cúis díomá do Thuismitheoirí na Gaeltachta chomh diúltach agus chomh cúng is atá an plé seo faoi láthair. Tá próiseas comhairliúcháin ar bun faoi shonraíochtaí gan aon chaint ar na sonraíochtaí féin agus gan aon chaint ar an bhfealsúnacht a bhaineann leis an gcur chuige seo ach oiread, rud atá ag cur an-imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Ar ndóigh ní haon ionadh é seo ar shlí mar go bhfuil an plé ar bun i bhfolús. Ní féidir na cúrsaí nua seo a phlé gan iad a chur i gcomhthéacs an chórais ina mbeidh siad á gcur i bhfeidhm. Tá sé chomh maith dúinn bheith ionraic linn féin, gan a bheith ag cur i gcéill, agus glacadh leis gurb iad na pointí ardteistiméireachta bun agus barr an chórais oideachais, córas na hardteistiméireachta pé scéal é, sa tír seo. Ní hé an duine óg, an teanga, nó an an scoil, ní hiad na múinteoirí, na tuismitheoirí, an pobal, ceantar na scoile nó fiú an t-oideachas féin é, ach is iad na pointí ardteistiméireachta bun agus barr an chórais oideachais. Caithfimid na cúrsaí nua a phlé sa comhthéacs sin dá réir ach, dar ndóigh, ní féidir. Níl an t-eolas againn. Cuireadh na ceisteanna ach ní bhfuaireamar na freagraí. Is leithscéalta a tugadh agus cuireadh ó dhoras sinn. Ní féidir aon phlé ceart ná dul chun cinn a dhéanamh gan an t-eolas seo a bheith againn. Idir an dá linn tá an t-am ag meilt agus an spriocdháta don gcomhairliúchán ag teannadh linn, fiú agus dhá mhí breise curtha leis.

Níl a fhios againn an mbeidh pointí bónais ar fáil má tá dhá chúrsa éagsúla le cur i bhfeidhm agus tá daoine trína chéile faoi seo. Tá athrú treo iomlán, ó thaobh na hardteistiméireachta de pé scéal é, á mholadh. Is eisceacht é seo sa chóras oideachais go gcuirfí dhá chúrsa éagsúla ar fáil san aon ábhar amháin ach níl aon eisceacht déanta ó thaobh an eolais atá á chur ar fáil. Níl liostaí téacsanna litríochta tugtha, mar shampla, ná samplaí de pháipéir scrúdaithe, rud a thabharfadh léargas agus tuiscint níos fearr dúinn ar na cúrsaí nua seo agus tá daoine trína chéile faoi seo.

Níl aon athbhreithniú déanta ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach nó faoi mar atá ag éirí leis an T1 agus T2 sa chóras seo agus tá daoine trína chéile faoi seo freisin. Níl aon chaint faoi na tacaíochtaí a bheidh ar fáil do mhúinteoirí agus do scoileanna leis an gcóras nua seo a chur i bhfeidhm. An mbeimid fágtha ar an bhfaraor géar, mar atá tarlaithe cheana? Níl mórán muiníne á léiriú go mbeidh réimse ceart tacaíochta ar fáil in am - tá daoine trína chéile faoi seo. Níl fhios againn conas a chuirfear é seo i bhfeidhm go praiticiúil sna scoileanna Gaeltachta. An mbeidh sé éigeantach nó roghnach? Tá daoine trína chéile faoi seo. Níl aon deis ann slite eile a mholadh leis na haidhmeanna céanna a bhaint amach. Céard faoi ábhar nó leath ábhar eile bunaithe ar shaíocht na teanga, mar shampla, comhréiteach atá á lua go láidir sna pobail Ghaeltachta agus moladh atá ann le fada. Deirim arís go bhfuil daoine trína chéile faoi seo.

Thar aon rud eile, tá daoine trína chéile faoin easpa tuisceana agus a laghad béime ar an bhfealsúnacht a bhaineann leis seo. Ba cheart deis a thabhairt do dhaoine óga a dteanga féin a thabhairt chun saibhris ionas go dtiocfaidís in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha - nó, i bhfocail eile, go léireofaí meas agus tuiscint agus go dtabharfaí tacaíocht chuí do chainteoirí dúchais agus líofa Gaeilge sa chóras oideachais. Nó an é go mbeimid ag filleadh ar an "murder machine" a bhí faoi thrácht ag Pádraig Mac Piarais? An bhfuilimid ag loic nó ag teip arís eile ar na cainteoirí dúchais agus ar an nGaeltacht? An bhfuiltear ag iarraidh folús eolais a chruthú go dtí go n-ídeofar fuinneamh na múinteoirí agus go mbrisfear spiorad na dtuismitheoirí ar mian leo go mbeadh a gcuid leanaí ina gcainteoirí cumasacha agus muiníneacha ina dteanga féin?

Tá íobairt agus iarrachtaí móra déanta ag na tuismitheoirí seo le Gaeilge a thabhairt dá gclann agus a gcroíthe cráite ag córas easnamhach atá ag sú na teanga astu. Mura spreagfar daoine óga – mná agus fir óga ábalta na Gaeltachta – teacht in inmhe mar chainteoirí cumasacha agus muiníneacha, cad atá i ndán don Ghaeltacht? Is cinnte nach mbeidh aon mhaith le séanadh na géarchéime an uair sin. Mura mbeadh ann ach go bhfaigheadh an Rialtas luach ar a chuid airgid ón infheistíocht atá á dhéanamh aige sa phróiseas pleanála teanga, a bhfuil na milliún á gcaitheamh air.

Ba dhóigh le duine gurb é an sprioc atá leis seo ar fad nach mbeadh fágtha ach corrtheaghlach fánach anseo is ansiúd ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann aon duine ach iad féin. Seo mar a thugtar faoi theanga a dhíothú agus faoi chine a dhíothú. Scéal fada é seo mar atá ach má théann sé mórán níos faide cruthóidh sé scoilt sa phobal Gaeltachta, mura bhfuil sé cruthaithe cheana féin. An é seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais? An chun leasa na teanga é muintir na Gaeltachta a chur in aghaidh a chéile?

Cá bhfuil an cheannasaíocht? Cén chúis nach bhfuiltear tagtha roimhe seo agus gur gá d’ionadaí ó eagraíocht pobail agus teanga é seo a chur in iúl mar seo inniu? An é gur iarracht atá ann an córas seo a shleamhnú isteach, córas a bheidh i bhfeidhm go ceann tamall fada de bhlianta eile i scoileanna sa Ghaeltacht agus córas nach féidir aon bhreithiúnas ceart a dhéanamh air faoi láthair? An iad an Roinn Oideachais nó an CNCM a chneasóidh an chréacht agus an scoilt seo sa Ghaeltacht má théann an scéal seo níos faide? Ní hiad. Fágfar faoi mhuintir na Gaeltachta, faoi na scoileanna agus faoi na heagraíochtaí pobail agus teanga é. Ní féidir an t-ualach seo a leagan orainne. Seo ualach don Roinn Oideachais agus don CNCM. Níl sé ceart ná cóir. Bheadh sé mímhorálta agus mí-ionraic.

Iarraimid dá réir go ndéanfaí machnamh ceart air seo. Cá bhfuil an dithneas? Thóg sé 100 bliain - tá sé chomh maith dúinn a rá - aitheantas a thabhairt don chainteoir dúchais sa chóras oideachais sa tír seo. Cá bhfuil an dithneas nó an deifir anois? Déanaimis é seo i gceart. Éilíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta ar mhaithe leis an nGaeltacht agus le slánú na bpobal teanga - an méid acu atá fágtha - go gcuirfí stop iomlán leis an bpróiseas lochtach seo chun go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile faoi bhláth. Tá sé lochtach mar nach bhfuil an t-eolas ceart againn le haon bhreithiúnas ceart a dhéanamh ar an gcóras nua seo.

Éilíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta chomh maith go gceapfaí idirghabhálaí nó eadránaí agus go gcuirfí córas ar bun le hiniúchadh ceart a dhéanamh ar an bhfreastal cuí teanga agus oideachais laistigh den chóras atá i bhfeidhm – córas na bpointí - do dhaoine óga sa Ghaeltacht, chun deis a thabhairt dóibh barr a gcumas féin sa teanga a bhaint amach agus nach gceilfí a gcearta teanga ná a gcearta oideachais orthu. Iarraimid go labhrófaí le muintir na Gaeltachta, scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí, daoine óga, fostóirí, eagraíochtaí Stáit, teanga agus pobail. Mura dtabharfar faoi seo i gceart, beidh scoilt ann.

Cuirfear go leor den dul chun cinn atá déanta ó thaobh chúrsaí oideachais agus pleanála teanga de sa Ghaeltacht ó mhaith. Tá scríbhneoirí móra an Bhéarla ar bharr a ngoib ag scoláirí dara leibhéal na tíre, scoláirí na Gaeltachta ina measc, ach tá mórscríbhneoirí agus mórshaothair na Gaeilge agus a dteanga féin á séanadh agus á gceilt orthu ag córas nach bhfuil in oiriúint dóibh. Cá bhfuil an comhionannas idir an dá theanga? Cá bhfuil an buntáiste a deir siad atá ag an nGaeltacht? Níl comhionannas againn, ní áirím buntáiste. I mbriathra duine de na mór-scríbhneoirí Gaeilge:

... bain ded’ mheabhair

Srathar shibhialtacht an Bhéarla,

Shelley, Keats is Shakespeare:

Fill arís ar do chuid,

[...]

... dein

Síocháin led’ ghiniúin féinig

Is led’ thigh-se féin is ná tréig iad,

Ní dual do neach a thigh ná a threabh a thréigean.

I gceann 20 nó 30 bliain, an aithneoidh éinne údar an dáin seo nó éinne eile de mhórscríbhneoirí nó mórshaothair na Gaeilge? Go deimhin, nílimid gann orthu. An mbeidh na húdair iomráiteacha Béarla atá luaite ag an mórfhile Gaeltachta agus Gaeilge seo fós ar bharr a ngoib ag scoláirí óga na tíre? Cuimhnigh air sin mar chomhionannas agus mar bhuntáiste. Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa cainte seo inniu leis an gceist seo, agus bímis ionraic, fírinneach, macánta á freagairt. An bhfuilimid ag iarraidh go mairfeadh an Ghaeltacht? Ná teipimis, ná loicimis agus ná clisimis ar ghlúin eile de chainteoirí dúchais, ar ár ndaoine óga breátha agus ar shlánú na Gaeltachta don chéad ghlúin eile. Gabhaim buíochas leis an gcosite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.