Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tagraím ar cheann de na lochtanna. Fiú ag déanamh breithiúnas ar T1 versus T2, dá dheacracht nó dá dúshlánach a bheadh T1 is fearr a thaitneodh sé liomsa. Ar nós chuile rud eile, sula ndéantar breithiúnas air sin, caithfear an luach saothair a bheadh as a thuiscint. Seo an áit ina bhfuil an fhadhb. Tá an áit seo i bhfolús. Tá sé cosúil le duine ag dul isteach i siopa ag ceannach rud gan an praghas ar eolas aige nó aici, nó duine ag ceannach cairr gan a fhios aige nó aici praghas na gcarranna agus ag ceannach an ceann is mó sa gharáiste. Déarfadh duine de na leaideanna luach an chairr agus ansin déarfadh an ceannaitheoir go bhfuil an praghas i bhfad ródhaor. Má tá T1 ann versus T2, caithfimid difríocht idir an dá chúrsa agus an luach saothair a thuiscint. Aon rud eile, níl ann ach caint acadúil ach ní rogha phraiticiúil é do dhaoine. Tá muintir na Gaeltachta, an dream a bhíonn mise ag caint le agus gnáth cosmhuintir na Gaeltachta, soiléir faoi seo. Más tugtar T1 agus T2 isteach, agus má tá na marcanna céanna ag T2 le T1, gabhfaidh daoine 100% le T2 mar bheadh sé i bhfad níos éasca dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.