Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá a fhios acu go leor faoi. Tá a fhios acu cén fáth go gcuireann sé san eangach é mar go bhfaigheann siad trí phointe as mar go bhfuil sé i bhfad níos deacra. Tá an bunphrionsabal anseo simplí. Má tá an cúrsa níos deacra, caithfidh buntáiste a bheith ann i rás na bpointí. Níl aon mhaith a bheith ag caint ar an teastas shóisearach mar nach bhfuil tú ag dul ar an ollscoil. Ní dhéanann sé difríocht céard a fhaigheann tú sa teastas sóisearach. Níl ann ach do mhórtas pearsanta féin ach níl cinneadh do shaoil á dhéanamh as an teastas sóisearach. Tá ag an ardteistiméireacht, chomh fada agus a bheidh rás na bpointí ann. Níl aon chosúlacht air go gcuirfear deireadh leis.

Bhí dream istigh an tseachtain seo caite agus bhí siad ag rá nach bhfuil sé seo féaráilte, go mbeidh an dream a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile faoi bhuntáiste. Ar ndóigh, tuigimid go bhfuil go leor daoine faoi bhuntáiste de bharr an bhaile. Tá daoine, in ainneoin an staidéir ar fad a dhéantar, atá i gceantair áirithe faoi bhuntáiste. Na daoine a bhfuil oideachas ag a muintir, go ginearálta, tá siad níos mó faoi bhuntáiste. Na daoine a bhfuil níos mó airgid ag an muintir, tá siad faoi bhuntáiste. Na daoine, mar shampla, ó na tíortha i gcéin a tháinig anseo agus iad ina ngasúir agus go labhraíonn siad teanga ar nós Polainnise nó Liotuáinise sa bhaile faoi bhuntáiste mar go bhfuil an dá theanga acu. Tá an Béarla acu chomh maith le duine ar bith eile agus tá teanga eile acu ó dhúchas ón mbaile. Tá cuid de na daoine sin faoi bhuntáiste dúbailte mar go bhfuil teangacha eile an-chosúil lena gcuid teangacha féin agus tá siad in ann iad sin a dhéanamh freisin.

Is é sin an córas. Má táimid ag cur na hargóinte sin ar aghaidh, caithfimid deireadh a chur leis an gcóras uile mar go bhfuil an t-uafás daoine faoi bhuntáiste de bharr a gcúlra.

I gcónaí, má rinne daoine onóracha fuair siad pointí níos airde ná mar a fuair siad leis an gcúrsa pas. Glacaim leis go bhfuil sé sin amhlaidh i gcónaí. An bunús a bhí leis sin ná go raibh an cúrsa onóracha níos deacra ná an cúrsa pas. Ní aontaím ar chor ar bith go mba cheart go mbeadh sé seo teoranta go daoine nó scoláirí ón nGaeltacht nó a chuaigh chuig Gaelscoil. Tá go leor daoine i scoileanna Béarla a thugann leo an Ghaeilge go caighdeán fíor-ard agus níor mhaith liomsa a shamhlú, dá mbeinn ag dul siar i mo shaol, nach mbeadh an deis chéanna agamsa an cúrsa is airde a bhí ann don ardteistiméireacht a dhéanamh agus a bhí ag duine as an nGaeltacht nó duine a fuair scolaíocht trí Ghaeilge. Má tá T1 le bheith ann ba chóir go mbeadh sé oscailte do chuile dhuine atá ag iarraidh é a dhéanamh. Caithfidh luach saothair, ní bónas, a bheith ar fáil don dream a thugann orthu féin cúrsa níos deacra a dhéanamh.

Ag dul siar sa stair, nuair a bhí an straitéis 20 bliain don Ghaeilge á chur le chéile, an moladh a bhí ann ná go mbeadh dhá ábhar ann don ardteistiméireacht a bheadh gaolmhar lena chéile. Níor aontaigh an Roinn Oideachais leis sin ag an am. Is cúrsa cumarsáide Gaeilge a bheadh i gceann amháin, dírithe ar scríobh, labhairt, eolas ar an teanga agus gramadach na teanga, agus ceann eile dírithe ar litríocht agus saíocht na Gaeilge. Mar a thugann an t-ainm le fios, bheadh sé dírithe ar litríocht, ar an bhfilíocht agus ar na gnéithe sin ar fad a bhaineann leis an nGaeilge. D’fhéadfadh duine rogha a dhéanamh an dá chúrsa nó cúrsa amháin a dhéanamh. Is ceist dóibh féin a bheadh ann. D’fhéadfadh Gaeilge iontach a bheith ag duine ach fós chaithfeadh sé nó sí an litríocht ar fad a dhéanamh agus tá obair ag baint le litríocht, cuma cén teanga. Duine ar bith atá ag déanamh litríocht an Bhéarla ar scoil, tá dua ag baint leis fiú go bhfuil Béarla ó dhúchas acu. Ní hé go bhféadfadh daoine marcanna arda a bhaint amach gan dua, mar chaithfeadh siad an dua a chur orthu féin cúrsa críochnúil a bhaineann le cúrsaí litríochta agus saíochta a dhéanamh. Tá go leor cúrsaí agus ábhair ardteistiméireachta atá gaolta lena chéile. Nuair a bhí mise ar scoil bhí na Bráithre Críostaí an-eagraithe faoi seo. Dhéanfadh daoine cúrsaí a bhí gaolta lena chéile so má rinne duine fisic, matamaitic agus matamaitic fheidhmeach bhí cuid den mhatamaitic fheidhmeach san fhisic agus sa mhatamaitic agus ní raibh dua ar bith ann an tríú ceann a dhéanamh. Tá daoine ann a dhéanann Laidin agus Iodáilis mar tá siad gaolta lena chéile. Ní rud nua é dhá chúrsa a bheith ann atá gaolta lena chéile ach gur dhá chúrsa neamhspleách agus iomlán éagsúil iad.

Má théitear ar aghaidh le T1 agus T2, má leantar le rás na bpointí agus mura bhfuil aon bhuntáiste nó aon luach saothair as T1 a dhéanamh seachas T2, roghnóidh chuile scoil an ceann éasca leis na marcanna A1 - nó cibé leagan atá ar A1 anois – agus na pointí is airde gur féidir leo a fháil le dul ag an ollscoil. Ar dheireadh thiar thall, níl aon mhaithe le bheith ag caint ar scoláireachtaí le cúrsaí Gaeilge mar ní dhéanann formhór na ngasúr ón nGaeltacht agus ó Ghaelscoileanna, nó daoine eile le Gaeilge den scoth, Gaeilge san ollscoil. Déanann siad ábhair eile ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.