Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl mise ag iarraidh freagra ar na pointí a rinne mé inniu mar go dtuigim nach féidir leis an Aire freagra a thabhairt dom inniu ach ba mhaith liom mo dhearcadh ar an gceist seo a dhéanamh soiléir. Ar an gcéad dul síos, tá bunphrionsabal ann agus is é sin má chaithfidh tú breis-obair a dhéanamh, bheifeá ag súil le luach saothair as. Má tá cúrsa amháin níos deacra ná ceann eile, bheifeá ag súil go bhfaighfeá luach saothair as sin.

Cuirfidh mé ar an gcaoi seo é. Is múinteoir meánscoile mé. Ba mhúinteoir meánscoile an tAire sular ceapadh í. Tuigeann sí go bhfuil gach uile ghasúr, beagnach, dírithe ar rás na bpointí nuair atá siad ag déanamh na hardteistiméireachta. Bíonn siad ag cuardach cén bealach is fearr is féidir leo pointí arda a bhaint amach. Is dóigh go luíonn sé le réasún. Más rud é go bhfuil an marc céanna ar fáil as cúrsa éasca a dhéanamh agus 100% a fháil ann agus cúrsa i bhfad níos deacra a dhéanamh agus an marc céanna nó marc níos ísle a fháil ann nó i bhfad níos mó dua a chaitheamh leis, dá mbeifeá ag iarraidh pointí arda san ardteistiméireacht, céard a dhéanfaidh tú ach díriú ar an gcúrsa éasca agus lán mala marcanna tugtha leat gan anró? Sin é a dhéanfá. Níl aon cheist i m'intinn ach go mb'in a dhéanfadh scoláire ar bith a bhí dírithe ar na pointí agus is é sin bunáit do chuile scoláirí.

Is as Ciarraí don Aire agus tuigfidh sí é seo; dúirt mé go bhfuil sé cosúil le rialacha Chumann Lúthchleas Gael a athrú agus a rá go bhfaighidh tú pointe amháin má chuireann tú san eangach é agus gheobhaidh tú pointe amháin má chuireann tú thar an trasnán é agus fós a bheith ag súil go mbacfadh daoine le cúl a thriail nuair a bheadh sé i bhfad níos éasca an liathróid a chur thar an trasnán gan aon chúl báire ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.