Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá aighneacht Shinn Féin curtha isteach go dtí an Roinn cheana féin ach cuirim fáilte roimh an tréimhse chomhairliúcháin a bheith ar siúl go dtí mí na Samhna. Mar gheall ar T1 agus T2, tá sé sin an-tábhachtach. Tá an-imní ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí chomh maith. Dúirt múinteoir amháin liom go bhfuil sé ar nós go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaolainn a mharú leis an rud sin. Dúirt múinteoir eile liom gur cheap sé ar dtús, nuair a thosaigh an próiseas, go raibh sé ar intinn ag an Roinn agus daoine eile go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh ábhar breise do dhaltaí, cosúil le maths agus applied maths. Ceapann sé nach bhfuil aon chúiteamh ag baint leis an T1, go mór mór do dhaltaí nach bhfuil an Ghaeilge acu sa bhaile.

Feicim féin an obair bhreise atá á déanamh ag daltaí atá i nGaelcholáistí, i ngach ábhar, agus aon mharcanna breise a fhaigheann siad, tá siad tuillte acu. Sa tuairim seo mar gheall ar an T1, ceapaim go bhfuil míbhuntáiste ag dul go dtí na daltaí sin. Tá sé míchothrom ábhar níos dúshlánaí a thosú. Mar shampla, chuala mé go bhfuil 35% ag baint leis an scrúdú béil sa T1 ach tá 40% i nGaeilge faoi láthair. Bheadh sé níos deacra do dhaltaí sna Gaelscoileanna, i gcomparáid le daltaí i scoileanna Béarla.

Tá rudaí ag baint leis sin. Bheadh sé níos deacra do na scoileanna chomh maith na daltaí céanna a thabhairt isteach. Beidh issues ann mar gheall ar enrolment sna Gaelscoileanna agus níl sé sin ceart. Tá a lán imní ann faoi láthair agus iarraim ar an Aire agus ar an Roinn é sin a thabhairt faoi deara nuair a bheidh siad ag féachaint ar an tréimhse chomhairliúcháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.