Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá brón orm as a bheith déanach ag an gcruinniú seo. Bhí mé ag cruinniú coiste Dála eile.

Tá fíoráthas orm go bhfuil sé ráite sna nótaí a scaipeadh ar maidin agus sa mhéid a dúirt an tAire go bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar bhunchloch den mhéid atá á dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Thógfadh sé i bhfad an iomarca ama ar maidin dul tríd chuile shórt atá ansin. Glacadh leis sin mar pholasaí Rialtais sa mbliain 2010. Tá deich mbliana, beagnach 11 bliain, caite ó tugadh isteach é agus is straitéis 20 bliain é. Is beag de atá curtha i bhfeidhm nuair a léitear go mion é. An bhfuil an Roinn tiomanta chun an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm go hiomlán is go huile? Is é sin a bhí i gceist nuair a aontaíodh é. Is polasaí Rialtais é do gach Roinn Stáit a bhí istigh sa réiteach a rinneadh nuair a bhí sé á réiteach. Ar ndóigh, ba é an Rialtas féin a rinne cinneadh air ach bhí na Ranna Stáit mar chuid den phróiseas. Dá gcuirfí i bhfeidhm go huile is go hiomlán é, dhéanfadh sé difríocht ollmhór ó thaobh na Gaeilge de.

Is ceann de na rudaí spéisiúla faoi ná go dtosaíonn sé ag an réamhscolaíocht agus go n-oibríonn sé tríd. Tá moltaí ann do chuile leibhéal den oideachas. Is ceann de na rudaí tábhachtacha a bhaineann leis an réamhscolaíocht - is féidir a lán de sin a dhéanamh le físeáin agus rudaí nua-aimseartha - ná go bhfuil a fhios againn go bhfuil cumas foghlama gasúr i dtaobh teangacha i bhfad níos fearr ag trí bliana d'aois ná mar a bheidh sé arís. Tá sé iontach ón am go mbeirtear iad suas go dhá bhliain, trí bliana nó ceithre bliana. Ina dhiaidh sin, cailltear an cumas teangacha a fhoghlaim go héasca. Tá sé spéisiúil a bheith ag breathnú ar ghasúir a thógtar go dátheangach. Súnn siad isteach an dá theanga gan aon iarracht. Nuair atáthar níos sine, caithfear iarracht a dhéanamh. An bhfuil i gceist ag an Aire déanamh cinnte go gcuirfear an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm mar atá luaite sa gcáipéis seo ach nach bhfuil ag tarlú? Tá díomá orm.

Thuig mé nach bhféadfadh daoine dul go dtí an Ghaeltacht i mbliana. Bheadh sé sin intuigthe ach ní mar a chéile ar chor ar bith cúrsa a dhéanamh ar líne agus dul go dtí an Ghaeltacht agus lá iomlán a chaitheamh ag labhairt na Gaeilge; istigh agus taobh amuigh de na ranganna, go sóisialta agus mar sin de. Chreid mise go raibh an polasaí a ghlacadh lochtach sa mhéid is gur chreid mé gur cheart go mbeadh ar na scoláirí, le go bhfaighidís profa iomlán mar mhúinteoirí lánoilte, dul go dtí an Ghaeltacht, nuair a bheidh sé slán agus sábháilte, agus gur phrofa sealadach a gheobhaidís idir an dá linn. Mar a deirim, ní mar a chéile cúpla uair a chloig a dhéanamh ar líne agus a bheith ag labhairt na Gaeilge an lá uile. Duine ar bith ann a d'fhoghlaim an Ghaeilge nach as an nGaeltacht é nó í, an chaoi a d’fhoghlaim sé nó sí an teanga ná trí thumadh iomlán.

Ní chuirfeadh aon duine cúrsa gearr ar líne i bhFraincis i gcosúlacht le dul go dtí Páras nó an Fhrainc ar feadh ceithre seachtaine nó níos faide ná sin; b'fhéidir ar feadh samhraidh iomláin. Ní chuirfeadh aon duine an dá rud i gcomórtas ó thaobh foghlaim na teanga de. Na daoine a éiríonn an-líofa, an chuid is mó dóibh, téann siad go dtí an tír amhail an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn nó an Iodáil. Téann siad go dtí na tíortha sin leis an teanga a fhoghlaim agus mar a chéile leis an nGaeilge. Mar sin, an mbreathnóidh an tAire arís ar an gceist seo, má bhíonn tuilleadh cúrsaí á ndéanamh ar líne toisc nach bhfuil ann ach rud eatramhach agus nach rud fadtéarmach atá ann?

Maidir leis early childhood care and education, ECCE, an réamhscolaíocht, an bhfuil an tAire sásta déanamh cinnte go mbeidh gné éigin Gaeilge i gceist in oiliúint na ngasúr? Ní gá go mbeadh aon Ghaeilge ar chor ar bith ag lucht riartha na réamhscolaíochta. Mar a dúirt mé, tá dóthain físeán, téipe agus rainn ar fáil ar féidir iad a chur ar fáil. Tá mise in ann a ghealladh don Aire, má dhéantar é sin, go ndéanfaidh sé difríocht ollmhór. Má thagann gasúir isteach ar theanga an-óg tabharfaidh siad leat é go brách agus go héasca.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.