Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Dr. Treasa Kirk:

Is féidir a chur in iúl don choiste go bhfuil sparánachtaí ar fáil ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, don mháistreacht ghairmiúil san oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cuidíonn sé sin go mór leis an soláthar múinteoirí a threisiú. Má tá sé deacair ar dhaoine de bharr an chostais, tugann na sparánachtaí sin faoiseamh éigin do na múinteoirí sin. Is rud maith é sin atá tarlaithe. Dá bharr sin, tá na huimhreacha méadaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is tionscadal maith é sin.

Maidir leis an teastas nua atá curtha ar bun i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach i mbliana, tá tacaíocht bhreise ar fáil ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann. Tugann sé sin faoiseamh éigin do na múinteoirí atá ag iarraidh freastal ar chúrsa. Ní cúrsa fada atá i gceist ach, é sin ráite, is cúrsa bliana atá i gceist. Oireann sé sin do chuid mhaith de na múinteoirí atá ag iarraidh a scileanna a uasghrádú agus feabhas a chur ar a scileanna inniúlachta Gaeilge. Tá an cúrsa sin ábhar-bhunaithe agus dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile. Tá sé sin go maith.

Chun teacht isteach ar an gceist cathain a bheidh ardchaighdeán ag na múinteoirí atá ag teacht amach ó na cúrsaí, mar shampla, an baitsiléir oideachais, tá an cúrsa ag dul ar aghaidh, mar atá ráite ag an Aire agus ag tosú in 2023 beidh thart ar 175 ag freastal ar an gcúrsa sin, cé nach mbeidh siad críochnaithe leis. Beidh caighdeán C1 ar chreatlach tagartha na hEorpa bainte amach acu. Is leibhéal líofachta ard é leibhéal C1. Is rud maith agus dea-scéal é sin. Mar atá ráite ag an Aire, tógann sé am chun scileanna inniúlachta a fhorbairt. Mar an gcéanna leis an máistreacht atá luaite ag an Aire cheana féin, tá na múinteoirí sin ag iarraidh leibhéal C1 a bhaint amach so beidh ardchaighdeán ag na múinteoirí sin sa deireadh thiar thall.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.