Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ceist amháin eile agam. Glacaim leis go bhfuil na cúrsaí faoi leith, cosúil leis an gceann in Marino agus na céimeanna éagsúla eile, ann. Bhí scéim phíolótach ann i gcomhair na fisice, na ceimice agus roinnt de na hábhair eile le cúpla bliain anuas. Bhíodar ag déanamh na ranganna ar an Idirlíon. Gan dabht, le bliain anuas, tá an-taithí ag daltaí agus múinteoirí ar a ngnó a dhéanamh ar an Idirlíon. Ag an am céanna, tá bearnaí ollmhóra ann. Bíonn ar scoileanna poist a fhógairt arís agus arís eile. Tá ábhair phraiticiúla ann nach mbeidh sé oiriúnach riamh iad a dhéanamh ar an Idirlíon. Táim ag caint faoin adhmadóireacht, faoin miotalóireacht, faoin ealaín agus faoi na labs i gcomhair na n-ábhar eolaíochta agus mar sin de. Ní féidir le cúrsaí ar líne a bheith sásúil ina leith siúd riamh. Mar sin, chaithfí rud éigin a bheith ann chun a chinntiú go mbeidh daoine ag teacht isteach sna cúrsaí agus go mbeidh múinteoirí á gcáiliú. Ní féidir an fhoireann atá ann faoi láthair a roinnt amach níos leithne agus níos leithne. Bheadh sé i bhfad níos fearr más féidir linn daoine a mhealladh isteach agus breis múinteoirí a cháiliú. Tá a fhios againn go bhfuil bearnaí ann cheana féin ó thaobh an líon daoine atá ag teacht tríd na cúrsaí faoi leith. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh teagmháil leis na coláistí chun a chinntiú go n-aithneofar bealaí inar féidir daoine a mhealladh isteach agus breis múinteoirí a cháiliú, más féidir in aon chor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.