Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá beagáinín - níl a fhios agam cén focal ba cheart dom a úsáid - go bhfuil an ráiteas ón Aire i mBéarla agus i nGaeilge. Ní thuigim cén fáth atá leis sin. Táimid ag streachailt anseo leis an obair a dhéanamh i nGaeilge agus anois tá m'intinn measctha suas idir dhá theanga. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart ná cóir an teachtaireacht atá á cur trasna ach fágfaidh mé ansin é.

Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis na feidhmeannaigh as bheith os ár gcomhair. Bhí cuid acu anseo coicís ó shin. Tá sé an-chabhrach dúinn.

Maidir le múinteoirí nua-cháilithe, na caighdeáin Ghaeilge agus deontais d'ábhar oidí, fáiltím go bhfuil an deontas ar ais. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach.

Maidir leis sin, tá suim phearsanta agam mar tá duine gaolta liom i mbun cúrsa a dhéanamh. Níor éirigh leo freastal ar an nGaeltacht an bhliain seo agus tá a fhios agam go ndearna siad ar líne é agus bhí sé go maith. An bhfuil sé ar intinn ag an Roinn deis a thabhairt do na daltaí sin? Ní ag caint faoin mbliain seo chugainn atáim mar go mbeidh siad ag freastal ar an nGaeltacht mar chuid den dara bliain, ach an bhfuil aon phleananna ag an Aire deis freastail ar an nGaeltacht a thabhairt dóibh siúd a chaill an t-eispéireas sin?

Uimhir a dó, fáiltím roimh an ráiteas agus an nóta faisnéise agus tá sé léite agam. Tá a fhios agam go bhfuil neart oibre á dhéanamh ag an Roinn. Níl sé i gceist agam dul isteach sna céimeanna atá tugtha ag an Roinn chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí ann maidir le heaspa múinteoirí le hinniúlacht sa Ghaeilge agus caighdeáin na Gaeilge. Cén uair a cheapann an Roinn a mbeidh toradh le feiceáil ar na céimeanna dearfacha seo? Cén bhliain a bheimid in ann a rá go mbeidh dóthain múinteoirí ann le hinniúlacht sa Ghaeilge agus caighdeán ard acu chun freastal ar an éileamh? Tá sé deacair mar tá ábhar an chruinnithe deighilte ach beimid ag teacht ar ais go dtí T1 agus T2. An mbeimid in ann caint faoin ráiteas straitéise anois?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.