Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Iarraim ar na comhaltaí suí sna háiteanna cuí agus na dualgais achair shóisialta a choimeád eatarthu.

Déanfaimid ár mbreithniú ar na hábhair seo: múinteoirí nuacháilithe agus a gcaighdeáin Gaeilge, deontais le hábhar oidí a thabhairt faoi thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-oiliúint agus leanúint leis an athbhreithniú ar churaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2. Cuirim fáilte roimh an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, agus roimh oifigigh ón Roinn: an Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí ar an aonad um oideachas Gaeltachta; Martin McLoughlin, príomhoifigeach; agus Evelyn O'Connor in aonad beartais curaclaim agus measúnachta agus gabhaimid ár mbuíochas leo as teacht anseo chun labhairt linn agus chun cúnamh a thabhairt dúinn inniu.

Ba mhaith liom a thaifeadadh freisin go bhfuil na finnéithe lonnaithe is Seomra na Dála linn le linn an chruinnithe seo agus a chur ar bhur n-aird go bhfuil na finnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo, más ann dóibh. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Bhí dhá ábhar eile ar mhaith linn trácht a dhéanamh orthu freisin agus cuireadh an tAire ar an eolas fúthu, is iad rún a glacadh ag cruinniú dár gcuid an 10 Meitheamh

2021 ag éileamh ar an Aire polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ó réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt laistigh de bhliain agus gur cóir próiseas comhairliúcháin a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí seo a fhorbairt agus an nós a chruthú maidir le forbairt polasaí oideachais le go mbeadh aighneachtaí ón bpobal, cruinnithe poiblí agus le geallsealbhóirí agus eile san áireamh sa chomhairliúcháin seo. Is é cás na mbunscoileanna Ghaeltacht Uíbh Rathaigh i gContae Ciarraí an t-ábhar eile, cás ina bhfuil an comhchoiste tar éis scríobh chuig an Aire cúpla uair roimhe seo. Tá sé sin aontaithe againn agus is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Más mian leis an Aire cúpla focal a rá ag an tús is féidir léi, nó is féidir leis na comhaltaí ceisteanna a chur maidir le haon cheann de na hábhair sin, nó an bpléifimid na hábhair i ndiaidh a chéile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.