Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh gach duine. Táim ag iarraidh cúpla pointe a dhéanamh i dtús báire. Beidh cúpla ceist agam ina dhiaidh sin. Ar an gcéad dul síos, táimid ag iarraidh ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach as an gcóras oideachais. Ní hé an cúpla focal atá á lorg againn. Tuigim an pointe a rinneadh maidir leis an lagmhisneach a chuireann an córas ar dhaoine laga ach, ar an lámh eile, cuirfear an cúrsa sin agus an easpa pointí breise lagmhisneach ar dhaltaí a bhfuil ardchaighdeán acu. Is pointe tábhachtach é sin. Chuir ráiteas John MacGabhann ionadh orm, chun an fhírinne a rá. D'fhreastail mise ar scoil de chuid na scéime delivering equality of opportunity in schools, DEIS. Bhí múinteoirí an-mhaith ann. Bhí an cuspóir acu ardchaighdeán Gaeilge a thabhairt do na daltaí. Níl sé ceart a rá nach bhfuil Gaeilge mhaith sna scoileanna DEIS. Níl sé ceart a rá nach bhfuil cumas ag na daltaí sna scoileanna sin ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach. Bhí mé ar scoil i lár chathair Phort Láirge agus bhain mé caighdeán ard amach. Chuaigh mé chuig an ollscoil agus bhain mé céim amach sa Ghaeilge. Bhí an t-ádh orm. Ní raibh an t-airgead ag mo thuismitheoirí mé a sheoladh chuig an nGaeltacht ach bhain mé scoláireacht amach gach uile bhliain agus chuaigh mé ann. Is masla é sin a rá faoi dhaltaí sna scoileanna DEIS. Tá cúpla ceist agam. Cad é dearcadh na finnéithe maidir leis na pointí bónais atá ar fáil don mhatamaitic? Is dócha go bhfuil 25 pointe breise ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.