Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Maidir le fógraíocht, aontaím leis an Teachta Daly gur ceart don Stát leanúint leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach bealach is féidir, mar a dúirt mé cheana. D'ardaigh Conradh na Gaeilge an cheist chéanna liom. Mar is eol do na Teachtaí anseo, rinneadh plé le déanaí ar an gceist ag Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Gheall an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go ndéanfaidh sé machnamh ar leasú a dhéanamh ar alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 trí fhoráil a chur isteach ar Chéim na Tuarascála chun a chinntiú go ndéanfaidh forais phoiblí 20% dá gcuid fógraíochta trí mheán na Gaeilge le linn bliana ar bith. Chomh maith leis sin, cinnteofar go gcraolfar 5% den fhógraíocht sin ar na meáin Ghaeilge le linn bliana ar bith. Má achtaítear an fhoráil seo, d'fhéadfaí sruthanna ioncaim bhreise a chruthú do TG4 ó fhógraíocht ón earnáil phoiblí, tionscnamh a gcuirfimis go léir fáilte roimhe.

Maidir le Raidió na Gaeltachta a bheith neamhspleách, b'fhéidir go bhfanfaidh mé go dtí go bhfaighim an tuarascáil ón gcoimisiún i mí Iúil. B'fhéidir go mbeidh Michael O'Keeffe in ann freagra a thabhairt ar an gceist sin. B'fhéidir go mbeadh freagra ag RTÉ freisin nuair a thiocfaidh a ionadaithe os comhair an choiste.

Chuir an Seanadóir Clifford-Lee ceist faoi Raidió Rí-Rá. Dúirt mé i m'óráid go bhfuil sárobair déanta ag Raidió Rí-Rá ag mealladh daoine óga tríd a aip d'fhóin chliste agus a phodchraoltaí. Mar Aire, is maith liom a chloisteáil ón BAI go bhfuil sé ag tacú i bprionsabal le stáisiún raidió do dhaoine óga agus go bhfuiltear ag súil le dul chun cinn maidir leis an gceist seo roimh dheireadh na bliana. Is ceist thábhachtach é.

D'ardaigh an Teachta Ó Cuív a lán ceisteanna tábhachtacha. Táim ag déileáil leis na ceisteanna seo tríd an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán. Foráiltear sa chlár Rialtais go mbunófar an coimisiún seo chun todhchaí na meán clóite, craolta agus ar líne a mheas. Reáchtáil an coimisiún comhairliúchán poiblí níos luaithe i mbliana. Bhí áthas orm go ndearnadh 15 aighneacht ina raibh tráchtaireacht agus moltaí ar leith maidir le craoltóireacht na Gaeilge. Tháinig iad sin ó Raidió Rí-Rá, Gael Linn, Comhar, Scáileán Thuaisceart Éireann, Fís Éireann, Conradh na Gaeilge, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí, Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta, Sinn Féin, RTÉ agus an BAI. Tugaim faoi deara go ndearnadh ionadaíocht ar an nGaeilge le linn na sraithe idirphlé ar théamaí a d'eagraigh an coimisiún, ina raibh cur i láthair ó Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, agus Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4, le cloisteáil. Táim ag tnúth leis an tuairisc sin. Tá sé ag teacht agus, le cúnamh Dé, beidh sé agam i mí Iúil. Sílim go ndéanfar déileáil lena lán de na ceisteanna atá ag an Teachta sa tuairisc sin.

Maidir le TG4, bhí áthas orm maoiniú forlíontach de €1.9 milliún a chur ar fáil do TG4 sa bhliain 2020 i gcomhair na gcostas breise a bhain le cláir a bhain le Covid-19 a chur ar fáil, go háirithe "Cúla4 ar Scoil". Leis an maoiniú breise de €3.5 milliún a fuair mé don bhliain 2020, ba é an leithdháileadh iomlán i mbliana €40.7 milliún, figiúr a sháraíonn an maoiniú a mhol an BAI, is é sin, €6 milliún thar an leibhéal maoinithe don bhliain 2016. Maidir le cé a dhéanann an cinneadh gur ceart nó nach ceart go mbeadh maoiniú TG4 mar an gcéanna le maoiniú S4C, tá freagracht reachtúil ar Údarás Craolacháin na hÉireann riachtanais mhaoinithe TG4 a mholadh. Rinne mé beart de réir mo bhriathar i dtaca leis sin. Déanfaidh mé mo mhachnamh ar aon mholtaí breise a dhéanann an Coimisiún um Thodhchaí na Meán.

Ó thaobh scálaí pá i Raidió na Gaeltachta de, táim ar an eolas faoin gceist thábhachtach seo. Mar a dúirt mé cheana, cé go ndéanann RTÉ a fheidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách, fáiltím roimh an athbhreithniú ar struchtúir ghráid atá le teacht ó RTÉ. Dúirt mé níos luaithe go bhfuilim den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchéim agus go léireofaí an meas céanna don dá theanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.