Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas ar dtús leis an Teachta Calleary as a chuid ceisteanna. Maidir le TG4 agus a maoiniú, bhí áthas orm maoiniú forlíontach €1.9 milliún a chur ar fáil sa bhliain 2020 a bhain leis na costais bhreise maidir leis na cláir i dtaca le Covid-19, go háirithe "Cúla4 ar Scoil". Méadaíonn an maoiniú breise €3.5 milliún a fuair mé don bhliain 2021 an leithdháileadh iomlán i mbliana go dtí €40.7 milliún, a sháraíonn an maoiniú a mhol an BAI le méid de €6 milliún thar an leibhéal maoinithe don bhliain 2017. Cinnteoidh sé seo gur féidir le TG4 leanúint le clár-sceidealú nuálach Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar agus a straitéis a chur i bhfeidhm níos fearr chun lucht féachana níos óige a mhealladh agus a choinneáil ar gach ardán.

Maidir le Raidió na Gaeltachta, beidh an stáisiún seo mar raidió náisiúnta na Gaeilge 50 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn agus déanfar ceiliúradh air seo ansin. Mar a dúirt an tUachtarán Ó hUiginn ag ceiliúradh 40 bliain a luaigh mé cheana agus aontaím leis, tá tábhacht as cuimse ag an stáisiún do phobal na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a neartú agus pobail a thacú sna ceantair sin. Tá Raidió na Gaeltachta ar cheann den cheithre stáisiún a chraolann go hiomlán trí mheán na Gaeilge anois agus fuair sé maoiniú €11.4 milliún dó in 2020. Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht dó tríd an scéim raidió pobail. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo sceideal craoltóireachta lán-Ghaeilge a chur ar fáil do phobail áitiúla le Gaeilge. Faigheann Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste €240,000 gach bliain. Freastalaíonn Raidió Rí-Rá ar dhéimeagrafaic níos óige agus fuair sí níos mó ná €475,000 ón Roinn ó thosaigh an stáisiún ag craoladh in 2009.

Maidir le Raidió Rí-Rá, tuigim an gá atá ann le hiolrachas i gcraoltóireacht na Gaeilge agus an gá héisteoirí níos óige a mhealladh chun craoltóireacht na Gaeilge. Tá sárjab déanta ag Raidió Rí-Rá chun daoine óga a mhealladh trína aipeanna agus a phodchraoltaí. Tuigim gur craoladh é ar FM freisin ar feadh tréimhsí gearra i roinnt áiteanna sa tír. Tá foireann láidir d’oibrithe deonacha ag an stáisiún mar aon leis an oiliúint a chuireann an stáisiún ar fáil do dhaoine óga, go háirithe mic léinn idirbhliana agus tríú leibhéil, atá thar barr ar fad.

Is eol dom go bhfuil aighneacht mhionsonraithe curtha faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ag Raidió Rí-Rá ag tacú le hiarratas ar cheadúnas FM a bheith aige ar fud na tíre agus ar feadh na bliana. Chuir Raidió na Life aighneacht faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán freisin ag leagan amach uaillmhian an stáisiúin a chraoladh FM a leathnú níos faide i gcéin ná Baile Átha Cliath amháin chun an dara seirbhís chraoltóireachta Ghaeilge ar fud na tíre a sholáthar.

Táim ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanamh ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ar an ábhar seo im mí Iúil. Idir an dá linn tugaim faoi deara go bhfuil coiste comhairleach na Gaeilge de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann ag déanamh scrúdú ar an ábhar agus iniúchadh ar réiteach eatramhach a fháil agus fágfaidh mé ag an Uasal O’Keefe tuilleadh sonraí a thabhairt air sin.

Maidir le ceist an tSeanadóra Ward, braitheann na hoibleagáidí ar na hoibritheoirí tráchtála ar nádúr a gceadúnas ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus iarrfaidh mé ar an Uasal O’Keefe an cheist seo a fhreagairt.

Maidir leis an tobhach nó an levy, forálann na moltaí a reáchtáladh i dtaobh an Rialtais inné go dtabharfar díolúine do stáisiúin ar nós Raidió na Life an tobhach craoltóireacht a íoc. Thug mé moltaí chuig an Rialtas le déanaí chun forálacha an Bhille Craolacháin (Leasú) a chomhaontú sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne. Cuimsítear leis seo foráil a dhíolmhóidh gach craoltóir pobail, lena n-áitrítear stáisiúin phobail Gaeilge, ó aon tobhach a íoc sa todhchaí. Beidh sé seo amhlaidh beag beann ar aon ioncam a bheidh ag stáisiúin dá leithéid ó fhoinsí poiblí nó ó fhoinsí eile. Foilseofar an reachtaíocht faoin samhradh.

Maidir leis an Teachta Ó Cathasaigh, d’fhreagair mé a cheist faoi Raidió Rí-Rá nuair a d’fhreagair mé na ceisteanna ón Teachta Calleary. Maidir lena cheist ar an nGaeilge sa Tuaisceart, fáiltím roimh ath-thionól an chomhaontaithe roinnte cumhachta sa Tuaisceart. Mar chuid de thiomantas Rialtas na hÉireann don chomhaontú, tá lúcháir orm €1 milliún a fháil i mbliana, le tiomantas den chineál céanna don dá bhliain atá romhainn chun tacú le craoltóireacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá ríméad orm go mbeidh ar a laghad 75 uair ag plé ábhar Gaeilge breise mar thoradh ar an maoiniú breise, agus ina theannta sin, tá €100,000 in aghaidh na bliana daingnithe agam i mbliana don dá bhliain atá romhainn do TG4 agus do RTÉ chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann.

Ar cheist an Teachta Ó Cathasaigh maidir leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, foráiltear leis an gclár Rialtais go mbunófar an Coimisiún um Thodhchaí na Meán chun todhchaí na meán clóite, craolta agus ar líne a mheas. Tá sé de chúram air moltaí a dhéanamh don Taoiseach agus dom féin chun a chinntiú: gur féidir le maoiniú craolacháin seirbhíse phoiblí a bheith inbhuanaithe; go dtabharfar slándáil mhaoinithe; go dtabharfar maoirseacht ar eagarthóireacht neamhspleách; agus go dtabharfar luach ar airgead don phobal. Is é an tOllamh Brian MacCraith cathaoirleach an choimisiúin agus tá a chuid teagmhála déanta ag an gcoimisiún leis na príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear iad siúd a thacaíonn leis an nGaeilge.

Reáchtáil an coimisiún comhairliúchán poiblí níos luaithe i mbliana agus bhí áthas orm go ndearnadh 15 aighneacht, trácht, agus mholadh ar leith maidir le craoltóireacht na Gaeilge. Ba iad Comhar, Gael Linn, Raidió Rí-Rá, Scáileán Thuaisceart Éireann, Fís Éireann, The Irish News, Craol, Conradh na Gaeilge, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí, Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta, Sinn Féin, RTÉ agus Údarás Craolacháin na hÉireann a rinne na haighneachtaí. Tugaim faoi deara go ndearnadh ionadaíochta ar an nGaeilge le linn na sraithe idirphlé téamaí a d’eagraigh an coimisiún, le cur i láthair ó Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge agus Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4.

Táim ag tnúth le tuarascáil an choimisiúin nuair a bheidh a chuid oibre tagtha chun críche, a chuirfidh buneolas ar fáil faoi bhearta na meán, na meáin chlóite san áireamh, sna deich mbliana atá romhainn agus táim ag súil go n-éileofar athrú reachtaíochta ar an Acht Craolacháin 2009 i roinnt cásanna mar thoradh ar thuarascáil an choimisiúin i mí Iúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.