Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 May 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir. Leis sin, cuirfimid críoch leis an gcruinniú seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe a tháinig os ár gcomhair inniu agus a thug freagraí oscailte agus soiléire dúinn ar na ceisteanna a bhí á gcur ag na comhaltaí. Is é an rud atá i gceist againn anois ná tuarascáil bheag a dhéanamh bunaithe air seo agus í a chur chuig an Dáil má tá sé i gceist aici díospóireacht a bheith ann maidir leis an tuarascáil féin. Ní gá dúinn tabhairt faoi sin mar déanann an Dáil an cinneadh air sin. Cuirfimid an tuarascáil ar aghaidh chuig ár n-aíonna chomh maith.
No comments