Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist ghairid agamsa. Tá súil agam go mbeidh ár n-aíonna in ann iad a fhreagairt. Bhí roinnt díobh siúd a bhí agam ardaithe ag daoine eile.

Níor chuala mé mórán faoi cheist amháin. Nuair a bhí mé óg agus ag fás aníos i mBaile Átha Cliath, anois is arís bhí meon ag roinnt de na gardaí go raibh mé ag cur as dóibh toisc go raibh mé ag lorg seirbhís as Gaeilge. Ní bhaineann an meon seo leis an nGarda amháin. Dúirt duine de na breithiúna móra, an Breitheamh Onórach Úna Ní Raifeartaigh, go raibh an rud céanna fíor sna cúirteanna. Cad é tuairim nó meon an ghnáthgharda anois má tá duine ag déileáil leo as Gaeilge, mar shampla má tá siad chun duine a ghabhadh agus go bhfuil an duine sin ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid? An bhfuil an duine sin ag cur bac ar An nGarda Síochána? An ualach breise é? An aithníonn gach garda go bhfuil cearta acu siúd a labhraíonn Gaeilge? Cloistear anois is arís ó Ghaeilgeoirí nuair a bhíonn siad ag lorg seirbhís nó má tá siad ag tabhairt a n-ainmneacha agus a seoltaí as Gaeilge go mbíonn coimhlint ann. Tá sé sin ann thar na blianta.

B'fhéidir go mbeidh ár n-aíonna in ann cuidiú linn, nó go mbeidh muidne in ann cuidiú leo, maidir leis an gcéad cheist eile atá agam. Tá siad tar éis liosta a thabhairt dúinn den mhéid atá le déanamh ag An nGarda Síochána. Aithníonn an coiste seo go bhfuil obair ag tarlú. Rinne Coimisinéir an Gharda iarracht thar na blianta. Luadh an méid atá á dhéanamh. Tá súil agam go n-oibreodh sé seachas go mbeimis ag déileáil le tuarascáil sa bhealach seo amach anseo. Cén easpa atá ann ó thaobh acmhainní de? An bhfuil go leor acmhainní ann ó na hAirí Airgeadais, Oideachais, nó Dlí agus Cirt, chun cuidiú leis an bhfórsa ó thaobh cúrsaí Gaeilge sa Gharda Síochána?

Ba mhaith liom ceist beagáinín casta a ardú. Bíonn daoine ag caint faoin Garda Síochána. Molaim dár n-aíonna cóip de thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ó 1925 a fháil, mar is é An Garda Síochána a rinne é don Stát. Nuair a bhí siad ag déanamh fiosrú ar an agricultural census, tugadh jab breise dóibh daonáireamh a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta.

Níl fáil ag aon duine ar an gcáipéis seo. Níl a fhios agam an bhfuil bosca in áit éigin istigh sa Gharda Síochána agus na bundoiciméid seo istigh ann. Tá spéis ag a lán daoine iontu ó thaobh stair na Gaeltachta agus na teangeolaíochta freisin. Is é a príomhrud atáim ag iarraidh a rá faoi ná go bhfuil na fadhbanna céanna ann beagnach 100 bliain níos déanaí agus a bhí ann in 1925. Deir an tuarascáil:

In the case of the Gárda Síochána, all native Irish Speaking Gárdaí, all Gárdaí with the Fáinne qualification in Irish, and others with a good knowledge of the language, should be transferred, forthwith, to the Gaeltacht, concentrating, in the first instance, on Court districts ...

Thuig siad an fhadhb ag an am sin. Is í ceann de fadhbanna a bhí ann mar a deir an tuarascáil níos faide anonn:

So as to meet any deficiency in the supply of Officers, volunteers might be asked for from among Officers with a fair knowledge of Irish, to go to Irish Speaking Districts, with a view to perfecting themselves in their knowledge of the language. Steps should be taken to select some of the most intelligent and diligent members of the Gárda, who are Native Speakers, for training as Officers for those Districts. The Commission recommends that existing members of the Gárda retained in or transferred to the Gaeltacht, as competent to perform their work entirely in Irish should be paid, under conditions similar to those in the case of Civil Servants (paragraph 99), the following special grants ...

Tógann sé sin muid ar ais go dtí an liúntas a bhíodh ann. Bhí aitheantas ann an tráth sin gur ualach a bhí sa mhéid seo do daoine óga leis an gcáilíocht seo, agus b’fhéidir go mbeidís ag iarraidh dul go dtí an chathair. Dá bhrí sin, bhí siad lacáiste á thabhairt dóibh chun cuidiú leo. Níor éirigh go maith leo leis an earcú in 1923, mar a léiríonn an tuarascáil freisin:

The percentage of Native Speakers among the Gárdaí generally is 3.4. It is essential that a much larger number of Native Speakers should be recruited. Evidence was given that early in 1923, 500 recruits from the Gaeltacht were called for, but that no recruits came forward in response. This failure was no doubt due to the disturbed state of the country at the time ...

Bhí an Cogadh Cathartha ar siúl sa tír ag an am. Ach mar aitheantas ar an gceost seo, lean an tuarascáil ar aghaidh:

The Commission recommends ... that 75% of the annual vacancies be reserved, forth with, for them until such time as 500 Gárdaí at least have been recruited from the Gaeltacht.

Ag an am sin chuir an coimisiún leibhéal i bhfad Éireann níos airde chun cinn maidir leis an dúshlán a bhí orthu. Táim ag iarraidh go smaoineoidh An Garda Síochána, má tá an fhadhb seo ann i gceann bliana nó dhá bhliain gur gá dúinn céim níos airde a ghlacadh agus lacáiste a thabhairt isteach arís, nó áiteanna nó spásanna a choimeád dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu. Tagann sé seo ar ais go dtí an pointe a rinne an Seanadóir Clifford-Lee - go gcaithfidh comhaltaí den Gharda Síochána dul isteach sna coláistí Gaeilge timpeall na tíre ar fad, agus sna bunscoileanna freisin más gá, chun daoine a mhealladh i dtreo An Gharda Síochána ionas go dtuigfidh siad gur slí bheatha é amach anseo.

B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais go dtí Baile Atha Cliath mar fhocal scoir. Bhíomar i gcónaí ag gearán go raibh na gardaí ar fad ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus go raibh siad mór agus groí. Bhí Gaeilge ag a lán díobh, ach ní raibh siad ag iarraidh fanacht sa bhaile sa Ghaeltacht. B’fhéidir gurb é sin ceann de na fadhbanna a gcaithfimid tabhairt faoi amach anseo. Más féidir freagra gasta a thabhairt dom ar na ceisteanna sin, bheinn buíoch dár n-aíonna agus cuirfimid críoch leis an gcruinniú ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.