Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 May 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is amhlaidh go bhfuil an cheist seo ag teacht ó phíosa eolais a luaigh Alan Mulligan cheana. Dúirt sé go bhfuil thart ar 250 chomhalta cáilithe ar an gcéad agus an dara leibhéal is airde. Ina measc siúd tá an 55 comhalta nua ann. An bhfuil aon bhaol ann go bhfuil an chuid eile díobh ar tí éirí as? An bhfuil siad scaipthe i measc na n-aoiseanna agus trí na blianta? An mbeidh fadhb eile ag teacht go luath? An bhféadfaí aon saghas próifíl a thabhairt ar cén saghas aois atá i gceist leis an 250 sin? An dtiocfaidh fadhb eile chun cinn mura mbeifear in ann breith suas leis an líon sin?
No comments