Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá an comhfhreagras uilig agam agus tá sé léite agam. Ní sin a bhí i gceist agam. In ainneoin an chomhfhreagrais uilig, rinne an Coimisinéir Teanga cinneadh an tuarascáil a chur os comhair Tithe an Oireachtais. Sin é an fáth go bhfuil an cruinniú seo againn inniu. Níl an comhfhreagras ag teastáil. An rud atá ag teastáil uaim ná na bearta atá beartaithe ag an nGarda.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.