Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam anois. B'fhéidir go mbeidh an t-am agam chun teacht isteach arís ag an deireadh. I dtús báire tá ceist agam maidir le cúrsaí earcaíochta. An bhfuil gá ann earcaíocht de níos mó ná 20% nó 30% a dhéanamh ar feadh tréimhse chúig bliana chun líon na ndaoine le Gaeilge mhaith acu a mhéadú sa Gharda? Faoi mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Moynihan, táimid ag díriú ar na ceantair Ghaeltachta, ach tá lucht labhartha na Gaeltachta scaipthe ar fud na tíre. Tá gá ann seirbhísí a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta.

Luadh an sruth Gaeilge atá ar siúl sa Gharda faoi láthair. Dúradh go mbeidh feachtas ar siúl an bhliain seo chugainn maidir leis an sruth sin. An bhfuil An Garda Síochána ag dul isteach go dtí na gaelcholáistí atá scaipthe ar fud na tíre chun an feachtas sin a chur in iúl dóibh? Tá gá ann le seo. Tá daoine ann le hardchaighdeán Gaeilge taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta, mar shampla anseo i mBaile Átha Cliath. I mo dháilcheantar féin, tá daoine ann. An bhfuil plean ann chun dul isteach ann? Muna bhfuil plean ann, tá gá ann le plean.

Tá cúpla ceist eile agam ach fágfaidh mé iad go dtí deireadh an bhabhta. Tá sé náireach go bhfuilimid anseo, i ndáiríre. Níl feabhas ag teacht ar an scéal. Níl tionchar ag na hiarrachtaí atá sna cáipéisí sin. Níl aon tionchar ann mar níl an scéal ag feabhsú agus is cúis náire í sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.