Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

An chéad cheist a chur mé ná an nglacann na finnéithe leis go bhfuil an rud atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga thar a bheith neamhghnách.

Níl tagairt ar bith in óráid oscailte an Gharda maidir le cén fáth nár comhlíonadh na moltaí ón imscrúdú. Níl i gceist ach cúig mholadh agus tá siad thar a bheith bunúsach. Baineann péire acu le Tír Chonaill agus tá an trí cinn eile ginearálta. Go sonrach, ceann de na moltaí ná:

Nach mbainfí leas as cinneadh ná as moltaí an imscrúdaithe [seo] mar leithscéal le laghdú nó maolú a dhéanamh ar sholáthar seirbhíse cuí póilíneachta don limistéar atá i gceist.

Deir sé freisin gur chóir go mbeadh "córas tástála teanga chuí" dá rogha féin ag an nGarda agus leanann sé ar aghaidh maidir leis sin. Níor luaigh na finnéithe focal ar bith faoin moladh sin. Dar liom, an moladh is tábhachtaí ná:

Go scrúdódh [Coimisinéir an Gharda] Síochána an raibh impleachtaí ag cinneadh [agus moltaí] an imscrúdaithe seo [sin an t-imscrúdú a rinneadh in 2011] ó thaobh na ndúichí ar fad de chuid an Gharda Síochána ina bhfuil limistéir Ghaeltachta agus, má bhí, go rachfaí i ngleic leo sin le géilliúlacht do na dualgais reachtúla teanga a chinntiú.

Níor léigh mé amach na cúig mholadh ach tá siad os ár gcomhair. Cén fáth nár comhlíonadh na moltaí sin? Cad atá á dhéanamh ag An nGarda Síochána anois maidir leis na moltaí sin agus cad é an sprioc ama? Ní dea-shampla é go bhfuil an dlí - sé sin, Acht an Gharda Síochána, 2005 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 - á shárú ag An nGarda Síochána. Níos mó ná sin, is rud tromchúiseach é go bhfuil an dlí á shárú ag an nGarda. Tuigim go bhfuil deacrachtaí ann ach is í an teanga oifigiúil í. Tá dualgais dhleathacha ar an nGarda agus níl siad á chomhlíonadh aige. Sin an fáth go bhfuilimid anseo inniu.

Ba mhaith liom oibriú leis na finnéithe ar thuras dearfach chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ba mhaith liom go mbeadh siad ar ais os ár gcomhair ag obair i mbealach atá thar a bheith dearfach, ach tá muinín ag teastáil. Ar dtús báire ba mhaith liom a fháil amach cén fáth nach bhfuil na moltaí curtha i bhfeidhm agus cén uair a bheidh siad curtha i bhfeidhm. Cothóidh sé sin muinín ionam chun oibriú as lámha a chéile leo.

Cé mhéad garda atá ar liosta chun aistriú go ceantair Ghaeltachta? An bhfuil na figiúirí sin ag na finnéithe inniu? Rinne na Teachtaí Dála eile tagairt don 12% a luadh san óráid oscailte. Níl comhthéacs ar bith ann maidir leis an 12% sin so ní féidir liom an céatadán sin a thuiscint. Cé mhéad cúrsa Gaeilge atá curtha ar siúl ag an nGarda? Cé mhéad garda atá á ndéanamh? Uaireanta mothaím mar dhroch-mhúinteoir - táim pósta le múinteoir so is féidir liom é sin a rá - ach ní sin an chaoi go maith liom déileáil leis an Ghaeilge. Bíonn mé féin ag streachailt leis an Ghaeilge ach tá orainn é seo a dhéanamh. Is teanga na tíre í agus baineann sé sin go háirithe leis an Gharda. Nuair a thagann finnéithe os ár gcomhair tar éis tuarascála mar seo, tá dualgas thar a bheith tromchúiseach orthu rá linn agus míniú dúinn cad a tharla go raibh ar an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a chur os ár gcomhair tar éis tréimhse deich mbliana.

Bhreathnaigh mé ar liosta den chomhfhreagras. Tá ocht leathanach agus liosta mór fada ann ag cur síos ar an méid comhfhreagras a bhí idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus An Garda Síochána. Ní dóigh liom gur rith an coimisinéir go Tithe an Oireachtais. Ní dhearna sé é sin ar chor ar bith. Dúirt sé gur údar díomá é seo. Dúirt an Teachta Daly é sin ach is fiú é a athrá. Dúirt an Coimisinéir Teanga, "Is bocht an scéal é nach bhfuil moltaí uile an imscrúdaithe a rinneadh sa bhliain 2011 curtha i bhfeidhm." Tá na scórtha de phíosaí teagmhála ann agus ocht leathanach ag cur síos orthu. Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt do rud a dúirt Coimisinéir an Gharda. Téann sé ar ais go dtí an Coimisiún Gaeltachta in 1926 agus an tagairt shonrach a rinne an coimisiún sin ag an am.

Tá sé ann i mBéarla agus i nGaeilge. Maíodh:

Ionas go dtuigfí [Coimisiún na Gaeltachta] an scéal go hiomlán, níor ghá ach beairic de chuid an Gharda Síochána ina bhfuil Gardaí ar Béarlóiri iad a shamhlú i gceartlár ceantair Ghaeltachta; nó Oifig Poist i mbaile Gaeltachta nach bhfuil Gaeilgeoir ar bith inti; nó oifigeach nach bhfuil Gaeilge aige de chuid na Roinne Talmhaíochta, nó na Roinne Custam agus Máil, ag feidhmiú as measc phobal na Gaeltachta. [Tá seo tábhachtach agus láidir] Is gníomhairí díreacha iad na hoifigigh seo maidir le bunú agus leathadh an Bhéarla.

Tá sin ó 1926 agus tá cúrsaí beagnach mar an gcéanna 100 bliain ina dhiaidh sin. Tá ceithre nó cúig ceisteanna curtha agam ansin agus ba mhaith liom freagraí díreacha a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.