Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Ms Eimear Ní Cheallaigh:

Gabhaim buíochas as an gcuireadh a bheith sa choiste inniu agus as ucht an deis a thabhairt don Gharda Síochána labhairt faoi na bearta atá curtha i gcrích againn chun moltaí an Choimisinéara Teanga a chur i bhfeidhm. Tá áthas orainn go bhfuil an seans againn cur síos a thabhairt ar na céimeanna atá tógtha againn chun seirbhísí póilíneachta dátheangacha a sholáthar do na pobail ar a bhfreastalaíonn muid.

Is fórsa póilíneachta náisiúnta é An Garda Síochána a fhostaíonn beagnach 18,000 pearsanra garda. Tá misean simplí ach thar a bheith tábhachtach againn; is é sin daoine a choinneáil sábháilte. Tá An Garda Síochána ag tabhairt faoin gclár claochlaithe is uaillmhianaí atá tógtha ag an eagraíocht ó bunaíodh é beagnach 100 bliain ó shin. Tá sé seo ar fad ag tarlú i gcoinne athrú agus díshocraíocht macra-leibhéal de thoradh Covid-19 agus an Breatimeacht. Tá na rudaí seo tar éis cur isteach go mór ar chúrsaí earcaíochta, oiliúna agus pleanála le bliain anuas agus is cosúil nach mbeidh mórán athrú ar seo in 2021. Chruthaigh an neamhchinnteacht seo ar fad dúshláin maidir le soláthar agus éileamh a bhainistiú do chomhaltaí agus d’fhoireann An Gharda Síochána, ach beag beann ar an gcomhthéacs, thóg muid ár ndualgais i leith na teanga dáiríre agus leanfaidh muid ag déanamh amhlaidh.

Tá béim mór curtha ar an nGaeilge ag an eagraíocht ó bunaíodh é agus tá infheistíocht déanta sa teanga ar bhealaí éagsúla. Aithníonn An Garda Síochána an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar scil póilíneachta laistigh den eagraíocht agus an tábhacht atá léi sna pobail ar a bhfreastalaíonn muid. Tá sé seo le feiceáil sna straitéisí agus pleananna gníomhaíochta ar fad a d’fhorbair agus a chuir an eagraíocht i bhfeidhm thar na blianta. Tá muid lán-tiomanta do chomhlíonadh na dualgais reachtúla teanga ar fad atá orainn agus tá muid dírithe ar sholáthar seirbhísí dátheangacha a fheabhsú dár bpobail Ghaeltachta. Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí ardchaighdeáin i nGaeilge a sholáthar, de réir mar is gá, don phobal ar a bhfreastalaímid orthu.

Tagraím do mholtaí an Choimisinéara Teanga a chur i bhfeidhm. Tá bearta curtha i gcrích ag an eagraíocht chun a chinntiú, an méid is indéanta, gur comhaltaí atá líofa sa Ghaeilge a chuirtear ar fónamh i stáisiúin Ghaeltachta. Tá sé seo á dhéanamh againn trí chainteoirí Gaeilge a earcú agus trí chomhaltaí leis na scileanna cuí sa teanga a leithdháileadh ar cheantair Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, cuireadh deiseanna ar fáil dár bpearsanra ar fad lena n-áirítear iad siúd i gceantair Ghaeltachta a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú agus táimid ag forbairt sraithchúrsaí Gaeilge ar líne le Gaelchultúr.

Ón uair a eisíodh tuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2011, tá méadú 12% tagtha ar líon na ngardaí le Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Cinnteoidh ár mbeartas nua, a bhí á leagadh againn inár gcóras tríd an straitéis nua Gaeilge atá á fhorbairt, go leanfaidh líon na gcomhaltaí le Gaeilge ag méadú i stáisiúin Ghaeltachta. I bhforbairt nua eile atá thar a bheith dearfach, aontaíodh go mbeidh Coimisinéir An Gharda Síochána é féin ina chathaoirleach ar ghrúpa rialachais Gaeilge na heagraíochta as seo amach. Is é seo an chéad uair a bheidh an grúpa rialachais Gaeilge ag an leibhéal is airde san eagraíocht. Creidimid gur céim tábhachtach chun tosaigh é seo, ceann a léiríonn ár dtiomantas don teanga agus a chinnteoidh go gcuirtear ár straitéis nua Gaeilge i bhfeidhm go hiomlán. Creidimid freisin go bhfuil sé riachtanach an straitéis nua seo a spreagadh ón mbarr anuas, rud a chinnteoidh go dtuigeann an eagraíocht ar fad an tábhacht a bhaineann leis.

Táimid lán-dáiríre go dtabharfar fíor-rogha teanga dár bpobail Ghaeltachta agus tá bearta tógtha againn agus tógfar cinn eile chun go leanfaimid orainn ag feabhsú caighdeán na seirbhísí a sholáthraíonn muid dár bpobal a labhraíonn Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.