Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte ón Seanadóir Barry Ward. Iarraim ar na comhaltaí suí sna suíocháin ina bhfuil na micreafóin curtha ar fáil dóibh agus atá saor. Táimid anseo chun plé a dhéanamh ar thuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga, tuarascáil faoi fho-alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 de Thithe an Oireachtais maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe a rinneadh faoi fho-alt 21(f) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ar An nGarda Síochána.

Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil le Coimisinéir an Gharda Síochána agus a n-oifigigh, Anne Marie McMahon, leas-choimisinéir póilíneachta agus slándála; Alan Mulligan, stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhach acmhainní daonna agus fhorbairt daoine; agus Eimear Ní Cheallaigh, oifigeach Gaeilge, mar ionadaithe ar son An Gharda Síochána. Cuirim fáilte rompu ar fad.

Ba mhaith liom a chur ar ár dtaifead go bhfuil na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo. Ba mhaith liom a chur ar a n-aird go bhfuil de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo, chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléide cáilithe i leith na fianaise acu.

Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir más féidir daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraím chomh maith do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Beidh mé ag cinntiú go gcloíonn gach duine leis an ábhar atá os ár gcomhair agus Coimisinéir an Gharda linn; sé sin, an tuarascáil faoin easpa gardaí le Gaeilge i stáisiúin Ghaeltachta. Má théann aon duine ar strae ón ábhar sin, beidh orm an cruinniú a chur ar athló. Thug muid cuireadh don Choimisinéir agus a chomhghleacaithe ón nGarda Síochána teacht anseo chun go dtabharfadh muidne éisteacht dóibh agus go gcuirfeadh muid ceisteanna orthu maidir leis an ábhar sin agus an t-ábhar sin amháin. Ní phléifear aon ábhar eile atá i mbéal an phobail anois nó a bhí i mbéal an phobail roimhe seo. Go háirithe, agus tá sé seo tábhachtach, ní phléifear aon rud atá os comhair na gcúirteanna faoi láthair. Beidh sé as ord agus, más gá, beidh orm an cruinniú a chur ar athló.

Cuirim fáilte anois roimh Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, labhairt leis an gcomhchoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.