Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 April 2021

Select Committee on Finance, Public Expenditure and Reform, and Taoiseach

Estimates for Public Services 2021
Vote 1 - President's Establishment (Revised)
Vote 2 - Department of the Taoiseach (Revised)
Vote 3 - Office of the Attorney General (Revised)
Vote 5 - Office of the Director of Public Prosecutions (Revised)
Vote 6 - Chief State Solicitor's Office (Revised)

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Scéimeanna den scoth a cuireadh a bhfeidhm ag an Rialtas atá sna híocaíochtaí sin, go háirithe na híocaíochtaí paindéime. Níl sé ar intinn againn aon ghearradh a dhéanamh ar na híocaíochtaí sin. Mar a dúramar, an cinneadh atá déanta againn ná go mbeidh siad ann go dtí deireadh mhí an Mheithimh maraon leis na tacaíochtaí atá tugtha ag an Rialtas. Is éard atá i gceist againn ná na scéimeanna atá againn a choimeád go dtí deireadh mhí an Mheithimh. Gan amhras, déanfaimid machnamh ar an scéim ansin. Diaidh ar ndiaidh, de réir go mbeidh fostaíocht agus poist ag teacht ar ais i retail agus i dtógáil tithe agus mar sin de, beidh níos lú daoine ag brath ar na híocaíochtaí paindéime. Diaidh ar ndiaidh, beimid ag dul chun cinn le feiscint ar chúrsaí eacnamaíochta, agus de bharr sin, ní bheidh an gá céanna ag baint leis na híocaíochtaí sin agus atá anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.