Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 214:

I leathanach 27, línte 2 agus 3, “agus aird ar leith ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: “agus an sprioc go ndéanfaidh comhlacht poiblí, a fhreastalaíonn ar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta mar chuid dá limistéar feidhme, a chuid seirbhísí ar fad a sholáthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta sa Limistéar Pleanála Teanga sin roimh an 31 Nollaig 2025”.

Measaim gur pléadh leasú Uimh. 214 cheana. Bhí sé luaite leis an leasú níos luaithe a bhí as ord, leasú Uimh. 209. Mar a dúirt mé ag an am, is trua go raibh leasú Uimh. 209 as ord. Is é an rud atá i gceist leis an leasú seo ná go mbeadh sprioc 2025 do sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht i measc na rudaí a bheadh ar an Aire aird a thabhairt orthu chomh maith le forordú caighdeáin de réir alt 19A(4), ar a rinneamar plé inné, agus ba chóir go gcuirfí an pointe seo leis sin.

Ní chuireann an leasú seo sprioc dhaingean i bhfeidhm toisc go dtuigimid an sórt meoin a bheadh ag an Aire Stáit agus an státchóras i gcoitinne. Chuireamar an leasú seo isteach le rá gur chóir go mbeadh aird aige air seo. Is é soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht atá i gceist leis seo agus níl ann ach moladh don Aire aird a bheith aige ar an sprioc sin. Is féidir aird a bheith aige ar go leor rudaí gan iad a chur i bhfeidhm, ach tá sé seafóideach gan é a bheith liostáilte. Sin é an fáth go bhfuil an méid sin i leasú Uimh. 214.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.