Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 16 April 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 202:
I leathanach 25, líne 28, “comhlachtaí poiblí.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: "comhlachtaí poiblí, agus
(f) scála ama ar laistigh de a bheidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu is córais leictreonacha nó eile iad), a úsáideann an comhlacht le linn dó cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar shlí gur féidir leis na córais sin ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm, ainm áitiúil, agus an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge), seoladh (lena n-áirítear an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge) nó teideal duine (lena n áirítear an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge agus an ceart gan aon teideal a úsáid) i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht.".
No comments