Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 302:

I leathanach 33, idir línte 23 agus 24, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005

11.Leasaítear alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho alt (2):
“(2) Cinnteoidh Coimisinéir an Gharda Síochána go mbeidh gach comhalta den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gceantar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann sách inniúil sa Ghaeilge chun gur féidir leis nó léi í a úsáid go saoráideach i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas faoin 31 Nollaig 2025.”.”.

Baineann an leasú seo le gardaí sa Ghaeltacht. De réir an leasaithe seo, bheadh dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána cinntiú go bhfuil gach garda a lonnaítear i stáisiún atá ag freastal ar an nGaeltacht inniúil sa Ghaeilge faoi Nollaig 2025.

Luaigh muid i leasú Uimh. 112 go raibh muid ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag 50% de ghardaí earcaithe ó 2030 agus ag 40% den líon foirne iomlán. Theip ar An nGarda Síochána moltaí ón gCoimisinéir Teanga, ó chomh fada siar le 2011, a chur i bhfeidhm chun gardaí le Gaeilge a lonnú sa Ghaeltacht agus an ceart bunúsach atá ag daoine Gaeltachta labhairt ina dteanga féin le garda sa cheantar a chinntiú. Is iad an Garda an comhlacht poiblí is measa i dtaobh sárú a dhéanamh ar dhualgais theanga, dár le tuarascáil an Choimisinéara Teanga. Gheall Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, roimh an Nollaig go gcuirfeadh sé seirbhís aistriúcháin ar fáil do gach garda i mbliana ach níl sé sin le feiceáil go fóill agus ní leor sin. Faoi láthair deir Acht an Gharda Síochána, 2005 go bhfuil dualgas ar An nGarda Síochána Gaeilgeoirí a lonnú sa Ghaeltacht, “to the extent practicable” agus tá géarghá le spriocdháta. Sin an fáth go bhfuil 2025 luaite againn.

Ní dhéanann leasú Uimh. 303 ach an míniú ar Ghaeltacht atá in Acht na Gaeltachta, 2012 a chur isteach in Acht an Gharda Síochána, mar tá míniú as dáta ó 1956 fós ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.