Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 16 April 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 297:
I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht
10.Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, i mír 1, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):“(2A) aon phearsa aonair atá ag gníomhú de bhun conartha nó ar shlí eile mar ghníomhaire thar ceann comhlacht poiblí agus a chomhlíonann feidhmeanna an chomhlachta phoiblí sin, a mhéid amháin a bhaineann le comhlíonadh na bhfeidhmeanna áirithe sin.”.”.
Dhéanfadh an leasú seo cinnte nach mbeadh bealach éalaithe ann. Má tá duine ag feidhmiú amhlaidh is go bhfuil siad mar bhall de cheann de na comhlachtaí ainmnithe ach nach bhfuil - sé sin, go bhfuil siad ag déanamh na hoibre ar son an chomhlachta ar chonradh - chaithfeadh siad cloí le forálacha an Achta.
No comments